An difríocht idir athruithe ar: "An tSeapáin"

Content deleted Content added
m Robot: no:Japan is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 9:
|príomhchathair = [[Tóiceo]] |dnlc=35|dnln=41|dnlNS=N|dnfc=139|dnfn=46|dnfEW=E|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thoir
|cathair_is_mó=[[Tóiceo]]
|teangacha_oifigiúla=[[An tSeapáinis|Seapáinis]]
|cineál_rialtais=[[Monarcacht Bhunreachtúil]]
|teidil_na_gceannairí=[[Impirí an tSeapáine|Impire]]<br />[[Príomh-Aire]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Impire Akihito an tSeapáine|Akihito]]<br />[[Shinzō Abe|Abe Shinzō]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleachás]]
|tarluithe_bunaithe=
Líne 51:
 
== Déimeagrafaic ==
Is í an t[[An tSeapáinis|Seapáinis]] [[teanga oifigiúil]] na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe den teanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh [[An Ghaeilge|Gaeilge]] a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra na [[Éire|hÉireann]], ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.
 
Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuil [[An Chóiré|Cóiréigh]] agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad na ''Burakumin'' an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí na ''Burakumin'' (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibh [[neamhghlaine dheasghnách]] nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de na ''Burakumin'' a phósadh.