An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Content deleted Content added
Líne 78:
Rinne Alan Tudyk a hiarrtas le haghaidh ról i Firefly in oifig aisteoireachta agus thug an fhoireann léiriúcháin cuireadh dó triail aisteora cúpla mí ina dhiaidh sin. Chuir sé an ról i láthair le beirt Zoey ionchasacha. Ar deireadh thiar fuair Gina Torres ról Zoey agus thug an fhoireann léiriúcháin eolas dó go bhfuair sé an ról.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 60 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> Tá a thaifeadadh trialach san áireamh mar gné speisialta ar DVD na sraithe.
 
Rinne Sean Maher agus Summer Glau a dtrialacha aisteoirí ar an lá céanna. D'éirigh Maher go maith le Whedon agus an fhoireann,<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 132 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> agus thaithin ról Simon leis. Bhí aithne ag Whedon ar Glau cheana féin nuair a d'oibrigh sé léi sa chlár ''Angel'' mar Phrima Ballerina agus chuaigh an trial i bhfeidhm leis. D'fhoglaim an bheirt dhá sheachtain níos déanaí go mbeadh siad ag glacadh ról Simon agus River Tam faoi seach.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 142 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Cé nach raibh aon taithí ag Ron Glass ar chláir iartharacha ná ar chláir ficsean eolaíochta ach an oiread roimh Firefly, nuair a léigh sé an script le haghaidh an chéad eipeasóid, thit é i ngrá lena charachtar: Shepherd Book.