Labhair Liomsa A Chairde!

Fáilte cuir in eagar

Haigh, a Eagarthóir, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a sheoladh isteach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as d'am anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus téigh go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó téigh go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóinteach in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 17:59, 30 Iúil 2014 (UTC)Reply

Gaelú ainmneacha cuir in eagar

Thug tú faoi deara is dócha gur athraigh mé Síomón Tam go Simon Tam. Tá cosc ar bhuntaighde (OR, original research) agus clúdaíonn sin ainmneacha daoine. Má tá leagan Gaeilge de Firefly ann, thig leat é ainmneacha a aistríodh go Gaeilge a lua, ar ndóigh, ach fiú sa chás sin tá bunleagan Firefly i mBéarla. Má tá ceisteanna agat faoi chásanna eile (McDonald's restaurants, Douglas Hyde, Great Barrier Reef) cuir ceist! Leanann muid an úsáid sna meáin. Agus braitheann muid ar na foclóirí, Focal.ie, etc. (Dála na dteangacha eile, tá saoirse againn go pointe nuair a bhíonn gnáthfhocail i gceist--Ollscoil Oxford nó Oxford University? Is annamh a rachfaimis chomh fada le h"Ollscoil Áth an Daimh" ach sin go díreach a úsáideadh uair amháin.) Ba chóir Seán Maher a athrú go Sean Maher, freisin.

Tá an-obair déanta agat. Thaitin "iartharán" liom! SeoMac (talk) 05:48, 11 Lúnasa 2014 (UTC)Reply

D'fhág me tcht. duit ar mo leathanach pléite. SeoMac (talk) 00:34, 12 Lúnasa 2014 (UTC)Reply