An difríocht idir athruithe ar: "Firefly (sraith teilifíse)"

Content deleted Content added
Líne 80:
Rinne Sean Maher agus Summer Glau a dtrialacha aisteoirí ar an lá céanna. D'éirigh Maher go maith le Whedon agus an fhoireann,<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 132 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref> agus thaithin ról Simon leis. Bhí aithne ag Whedon ar Glau cheana féin nuair a d'oibrigh sé léi sa chlár ''Angel'' mar Phrima Ballerina agus chuaigh an trial i bhfeidhm leis. D'fhoglaim an bheirt dhá sheachtain níos déanaí go mbeadh siad ag glacadh ról Simon agus River Tam faoi seach.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 142 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Cé nach raibh aon taithí ag Ron Glass ar chláir iartharacha ná ar chláir ficsean eolaíochta ach an oiread roimh Firefly, nuair a léigh sé an script le haghaidh an chéad eipeasóid, thit é i ngrá lena charachtar: Shepherd Book.<ref>"Serenity: The Official Visual Companion" le Joss Whedon (2009), leathanach 166 - Aisghabháil: 4-9-2014</ref>
 
Rinne Jewel Staite a taifeadadh dena trial aisteora i [[Vancouver]]. Fuair sí cuireadh chun dul go dtí [[Los Angeles]] chun buaileadh le Whedon. Nuair a shroich sí, thug Whedon ról Kaylee di.