An difríocht idir athruithe ar: "Andrea Palladio"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 2:
[[Ailtireacht|Ailtire]] a rugadh i b[[Padua]] [[An Iodáil|na hIodáile]] ab ea '''Andrea Palladio''' nó '''Andrea di Pietro della Gondola''' ([[30 Samhain]] [[1508]] – [[19 Lúnasa]] [[1580]]), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa [[An Róimh|Róimh]] ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i [[Vicenza]] nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina [[Foirgneamh|fhoirgneamh]] taibhseach poiblí a dtugtar ''an Bhaisleac'' air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maorga álainn. D'fhoilsigh sé ''I quattro libri dell'architettura'' (Ceithre Leabhar na hAiltireachta, 1570) le cur síos go cuimsitheach ar a stíl [[Pallaidiachas|Phallaidiach]], monagraf bunaidh na hailtireachta nua-aoisí. Tinfeadh d'ailtirí ó shin i leith.
 
[[Íomhá:Palazzo Chiericati IB-Vicenza-01.jpg|mion|Dhear Andrea Palladio an Palazzo Chiericati.]]
 
{{Fréamh an Eolais}}