An difríocht idir athruithe ar: "Cory Booker"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
 
Bronnadh scoláireacht Rhodes ar Booker agus rinne sé staidéar ag Coláiste na Banríona ag [[Ollscoil Oxford]]. Tá suim faoi leith aige sa [[Torah]].<ref>{{En}} [http://www.bbc.co.uk/news/magazine-24124710|teideal=Cory Booker and me, alt ag an [[BBC]], 17 D.F. 2013]</ref>.
 
==A shaol sa pholaitíocht==
Tar éis tréimhse ag obair d’eagraíochtaí pobail, toghadh Booker mar bhall den chomhairle baile i Newark. Thóg sé stailc ocrais ar feadh 10 lá mar agóid i gcoinne na ndíoltóirí drugaí. Chuir sé moltai os comhar na comhairle a bhain le daoine óga, títhíocht, póilíneacht agus gnéitheanna eile de shaol na cathrach ach theip air.
 
===Méaracht Newark===
Ar 9 Eanáir 2002, in áit seasamh arís don chomhairle baile, d’fhógair Booker gurbh iarrthóir é d’oifig mhéara na cathrach. Thóg Sharpe James, méara na cathrach, feachtas garbh ina choinne ag rá nach raibh Booker “gorm go leor” le Newark a thuigbheáil. Theip ar Booker ach fuair sé 47% de na vótaí.
 
Ar 11 Feabhra 2006 d’fhógair Booker arís go raibh sé ag seasamh d’oifig an mhéara i Newark. Rinne James amhlaidh ach 11 lá ní ba dhéanaí, d’éirigh sé as an toghchán le seasamh do sheanad stáit New Jersey agus ghlac Ronald Riz, cúntóir de chuid James, a áit san fheachtas méarachta. Bhailigh Booker $6 milliún dollar ar son a fheachtas féin, 25 uaire níos mó ná Riz, agus fuair sé an bua sa toghchán le 72% de na vótaí.
 
Sheas Booker don dara téarma mar mhéara sa bhliain 2010. Atoghadh é agus 59% de na vótaí aige.
 
==Tagairtí==