Content deleted Content added
Líne 97:
Táim i mbun iarracht an ainm atá ar an leathanach An Rinn i bPort Láirge a athrú ó Ring go An Rinn ar an leagan Béarla den vicipéid ach tá beirt eagraithoirí eile ag cur i gcoinne an athrú sin go fiachmhar. Táim féin den tuairim gur cheart an leagan Gaeilge a úsáid toisc gur é an leagan Gaeilge an ainm comónta a mbíonn in úsáid i mBéarla i gnáth caint agus sna foinsí maithe atá ar fáil. (Breis eolas ar fáil ar an leathanach plé: https://en.wikipedia.org/wiki/Talk:Ring,_County_Waterford. Toisc nach bhfuil consensus ann, taim ag iarraidh tuairim duine eile a fháil ar an gceist. [[Úsáideoir:Gaelmise|Gaelmise]] ([[Plé úsáideora:Gaelmise|talk]]) 10:50, 27 Samhain 2014 (UTC)
:Tuigim. Ní hamháin gur áit sa Ghaeltacht atá i gceist ach go bhfuil an t-ainm i nGaeilge sách coitianta i mBéarla. Pléadh an cheist seo roimhe seo--B'fhiú féachaint ar an leathanach plé ag [[en:Spiddal]]. Go dtí seo, táthar ag cloí leis na leaganacha Béarla i gcásanna mar seo. Ar a laghad, áfach, caithfear an leagan Gaeilge a chur sa chéad líne agus é a bheith soiléir go bhfuil na hainmneacha seo oifigiúil. (Tugtar na leaganacha Gaeilge de logainmneacha in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht freisin.) Ach rud nach bhfuil socraithe i m'intinn féin ná an cead ag cainteoirí teanga a n-ainmneacha féin a chur ar áiteanna ina labhartar teangacha eile. Caithfidh luadh in ailt mar sin fosta go labhrann Gaeilge mar theanga dhúchais sna háiteanna seo. Níor mhaith liom an bua a fháil i gcás na Rinne agus an Spidéil i Vicipéid an Bhéarla má's gá dúinn "Nua-Eabhrac", "Talamh an Éisc" agus "Londain" a iompó go Béarla anseo. [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 16:43, 27 Samhain 2014 (UTC)
::Ní dóigh liom go bhfuil baol ann go mbeidh orainn "New York" a úsáid in áit "Nua-Eabhrac" anseo ar an Vicipéid toisc gur é an nós comónta ná an ainm Gaeilge a úsáid nuair atá tú ag trácht orthu i nGaeilge. Is é an argóint atá agam ná gur é an rud cheart i gcás logainmnacha Gaeltachta na an leagan Gaeilge a úsáid nuair atá tú ag caint futhu i mBéarla toisc gur rud comónta é sa Bhéarla ar aon nós an leagan gaeilge a úsáid (Go háirithe sna foinsí údarasacha). Tá an cleachtas atá in úsáid ag Dr John Walsh sa leabhar 'Contests and Contexts' ina léiriú maith anseo, tá an leabhar scríofa i mBéarla ach is iad na logainmnacha Gaeilge atá in úsáid aige. Is é an nós atá ann faoi láthair ar Wikipedia an Béarla ná an leagan Béarla a úsáid, ach táim féin den tuairim gur cheart an nós sin a athrú agus mar sin táim ag iarraidh a fháil amach an mbeidh tacaíocht ann i gcomhair a leathadleithead d'athrú [[Úsáideoir:Gaelmise|Gaelmise]] ([[Plé úsáideora:Gaelmise|talk]]) 17:08, 27 Samhain 2014 (UTC)