An difríocht idir athruithe ar: "Tom Crean"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 5:
 
== Terra Nova ==
Ar an turas seo, dúirt Captaen Scott nach mbeadh muinín aige ach as dornán daoine – William Lashly, Edgar Evans agus Tom Crean. Ba iad Crean agus Lashly, in éineacht leis an Leifteanant ERGR Evans, an buíon tacaíochta deireanach a d’fhág Scott agus é ar a bhealach go dtí Mol Theas|an PolMol Theas, fad is a lean Edgar Evans, Wilson, Bowers agus Oates in éineacht le Scott.
 
D’fhill Crean, Lashly agus Evans 146 míle (268 ciliméadar) ón bPol ar 4 Eanáir 1912, agus thug siad aghaidh ar thuras fillte go dtí an campa. Thart ar thús mhí Feabhra, bhí an Leifteanant Evans ag éirí an-tinn le galar carrach, agus ó 13 Feabhra, céad míle ó shábháilteacht an champa, bhí ar Crean agus Lashly é a tharraingt ar an gcarr sleamhnáin, rud a chuir moill níos mó ar an triúr agus na soláthairtí bia ag éirí an-íseal.