An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Gaeilge"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 43:
Go háirithe i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear [[Diarmaid Ó Súilleabháin]] agus [[Eoghan Ó Tuairisc]] ar daoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu siúd. Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina dhealbhadóir agus ina ealaíontóir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht. Scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla ''L'Attaque'', faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i g[[Contae Mhaigh Eo]], agus ''Dé Luain'', faoi [[Éirí Amach na Cásca]]. Tá an leabhar seo scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach. Scríobh [[Breandán Ó Doibhlin]] aistí agus úrscéalta uaillmhianacha nua-aimseartha, agus bhí [[Seán Ó Riordáin]] ar fhilí móra na tíre de réir gach caighdeán.
 
==Scríbhneoirí Gaeilge thar lear==
== Naisc sheachtracha ==
 
Tá roinnt scríbhneoirí Gaeilge le fáil i dtíortha lasmuigh d’Éirinn. In Éirinn a rugadh a bhformhór ach tá údair ann a rugadh san Ísiltír ([[Alex Hijmans]]), i Meiriceá ([[Séamas Ó Neachtain]]), i bhFionnlainn ([[Panu Petteri Höglund]]) agus san Astráil (Colin Ryan). Tá úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht foilsithe acu agus an Ghaeilge á húsáid acu mar theanga oibre, chruthaíochta agus chaidrimh seachas mar chomhartha féiniúlachta.<ref>[http://breac.nd.edu/articles/38920-interdisciplinary-perspectives-on-transnational-irish-language-writing-2/] Máirín Nic Eoin, 'Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing'.</ref>
 
==Nótaí==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
 
* [http://www.missgien.net/celtic/literature.html Gaelic Literature]
* [http://www.electricscotland.com/history/literat/modern.htm Modern Gaelic Literature]