An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 1:
[[Íomhá:Eleanor Roosevelt cph.3b16000.jpg|mion|Eleanor Roosevelt, 1932]]
Polaiteoir,
Ba de mhuintir Roosevelt agus Livingston í. Sa bhliain 1905 phós sí [[Franklin Delano Roosevelt]], duine a raibh gaol i bhfad amach aici leis. Rugadh seisear páistí dóibh. Neacht le [[Theodore Roosevelt]], 26ú h[[uachtarán na Stát Aontaithe|uachtarán]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], ab ea Eleanore freisin.
Líne 9:
Rugadh Anna Eleanor Roosevelt i [[Manhattan]] do lánúin den uasaicme, Elliott Roosevelt (1860–1894) agus Anna Hall (1863–1892). Bhí beirt dheartháireacha aici, Elliott, Jr. agus Hall. chomh maith le leasdeartháir, Elliott Roosevelt Mann, arbh í Katy Mann, duine de shearbhóntaí an teaghlaigh, a mháthair. B’fhearr leis an iníon óg an dara hainm aici, Eleanor. “Granny” a thug a máthair mar leasainm uirthi as í a bheith chomh seanaimseartha agus a bhí sí. Níor thug a máthair an oiread sin ceana di ach oiread, agus mar gheall air sin shíl Eleanor go raibh sí féin gránna.
Bhí sócúl an tsaoil ag Eleanor, mar sin féin, agus í ag fás aníos. Cailleadh a máthair leis an [[diftéire]] nuair a bhí Eleanor 8 mbliana d’aois (cailleadh Elliott, Jr. den ghalar sin freisin an bhliain ina dhiaidh). Fuair a hathair bás dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí seisean seo ag streachailt le [[alcólachas|fadhbanna óil]] le fada an lá agus bhí ''delirium tremens'' chomh dona sin air lá amháin gur léim sé trí fhuinneog san ospidéal ina raibh sé ag fanacht. D’éag sé go gairid ina dhiaidh sin. Cuireadh Eleanor agus Hall ansin chuig a seanmháthair, Marie Ludlow Hall (1843-1919), i Tivoli, Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1898 chuaigh Eleanor a chónaí in Allenswood, scoil cailíní in aice le [[Londain]]. Chuaigh Marie Souvestre, stiúrthóir na scoile, go mór i bhfeidhm ar Eleanore idir fhorbairt éirime, chearta ban, theangacha (d’éirigh sí ardlíofa i [[An Fhraincis|Fhraincis]] agus mhúscailt a suime sa taisteal. Sa bhliain 1902, agus í ar ais i Nua-Eabhrac, rinne sí a céad iarrachtaí poiblí i measc uaisle na cathrach úd.
==Pósadh==
Chuir Eleanor aithne ar Franklin D. Roosevelt, duine a raibh sinsear Ollannach i gcoiteann léi (mar atá Nicholas Roosevelt, 1658–1742), ar thraein i Nua-Eabhrac sa bhliain 1902. Thosaigh Franklin ag déanamh
cúirtéireachta léi agus bhí an lá leis. D’ainneoin máthair Franklin a bheith ina choinne, thug siad lámh is focal lena chéile i mí na Samhna, 1904. Phós siad ar Lá le Pádraig, 1905, ócáid mhór sna nuachtáin toisc uachtarán na tíre, Theodore Roosevelt, a bheith i láthair. Chuir an lánúin faoi i gCathair Nua-Eabhrac. Máthair Franklin, Sara, a ghléas an troscán sa teach. Ar dtús chuireadh máthair a céile a ladar isteach i ngach socrú sa teach agus ghlacadh Eleanor leis sin (ainneoin na bprionsabal a d’fhoghlaim sí ó Marie Souvestre), ach de réir a chéile d’éirigh léi a húdaras féin a bhaint amach sa teach. Nuair a toghadh Franklin mar sheanadóir stáit chuir siad fúthu in [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]], príomhchathair stát Nua-Eabhrac. Faoiseamh d’Eleanor ab é seo mar bhí sí ábalta éalu ó chur isteach Sara ina saol.
==Tagairtí==
|