An difríocht idir athruithe ar: "Valentin Rasputin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
| líonláithreán =
}}
Scríbhneoir [[An Rúis|Rúiseach]] é '''Valentin Grigoryevich Rasputin''' (ar an [[15 Márta]] a rugadh é, sa bhliain [[1937]]; shíothlaigh sé ar an [[14 Márta]] [[2015]]) agus é ar duine de na "[[prós-scríbhneoirí tuaithe (litríocht na Rúise)|prós-scríbhneoirí tuaithe]]" ina thír dhúchais. Chaith sé cuid mhór dá shaol i [[Cúige Irkutsk|réigiún Irkutsk]] sa [[An tSibéir|tSibéir]], agus is é is téama dá chuid scríbhinní ná scoiteacht agus anóime an tsaoil chathartha agus an troid a chuireann muintir na tuaithe ar son a saoil shimplí féin, le teacht slán ón gcathair.
 
Is é an saothar is clúití dár tháinig óna pheann ná ''Прощание с Матёрой/Proshchanie s Matyoroi'' ("Slán ag Matyora"), [[gearrscéal]] fada faoi oileán Matyora sa tSibéir atá le fágáil faoin uisce, agus taiscumar nua á thógáil. Meafar atá ann a thugann cur síos ar léirscrios an nádúir Rúisigh sna blianta [[APSS|Sóivéadacha]] in ainm an dul chun cinn.
Líne 22:
Leis na blianta beaga anuas, áfach, táthar á chur i leith Rasputin go bhfuil sé go róthréan in éadan an tsaoil nua-aimseartha agus go mbíonn sé ag comhoibriú le náisiúnaithe [[Frith-Ghiúdachas|frith-Ghiúdacha]].
 
== A Shaolshaol ==
 
Tháinig Valentin Rasputin chun saoil i sráidbhaile Ust-Uda i gCúige Irkutsk sa tSibéir. Bhí a athair ag obair do shiopa comharchumainn an tsráidbhaile, agus a mháthair ina banaltra. Ní raibh Valentin óg i bhfad ar an saol, nuair a d'aistrigh an teaghlach go léir go sráidbhaile eile sa cheantar, Atalanka. Bhí an dá shráidbhaile suite cois Abhainn Angara, agus fágadh faoin uisce iad nuair a tógadh Taiscumar Bryansk sna seascaidí, ionas gurbh éigean don dá phobal socrú síos ní b'fhaide ón abhainn. Ag trácht ar bhlianta a chéad óige dó ní ba déanaí, dúirt Rasputin gur tréimhse shona a bhí ann i ndiaidh an iomláin, cé go raibh a mhuintir i gcruachás go minic.
Líne 35:
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1937]]
[[Catagóir:Básanna i 2015]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Rúiseacha]]
[[Catagóir:Úrscéalaithe]]