Is [[Léasarléasar]] bídeach é '''léasar leathsheoltóra''', nó '''dé-óidléasar leathsheoltóra''', atá chomh beag le [[gráinne]] salainn, agus atá tábhachtach i [[Teileachumarsáid|dteileachumarsáid]] le snáithíní optúla agus athsheinnteoirí [[dlúthdhiosca]]. Tarlaíonn astú [[Solas|solais]] de bharr seoladh srutha leictrigh trí [[Ceapaire|cheapaire]] de chisil ábhar leathsheoltach. Léiríodh sampla simplí de den chéad uair i [[1962]]. Braitheann [[cumarsáid]] optúil ar léasair a fheidhmíonn sa gharinfridhearg ag tonnfhaid 1-2 μm. Rinneadh léasair leathsheoltóra a d'fheidhmigh ar thonnfhaid ghorma den chéad uair i [[1995]], agus léasair a tháirg solas ultraivialait den chéad uair i [[1996]]. Is féidir iad seo a úsáid chun córais optúla stórála sonraí le [[toilleas]] ollmhor a tháirgeadh. Fionnadh léasair a bhí bunaithe ar chascáid chandamach i [[1994]], atá in ann i bhfad níos mó léasarchumhachta a ghiniúint ná gnáthléasair leathsheoltóra.