An difríocht idir athruithe ar: "Eleanor Roosevelt"

Content deleted Content added
m lit.
Líne 29:
==Pósadh==
 
Chuir Eleanor aithne ar Franklin D. Roosevelt, duine a raibh sinsear Ollannach aige i gcoiteann léi (mar atá Nicholas Roosevelt, 1658–1742), ar thraein i Nua-Eabhrac sa bhliain 1902. Thosaigh Franklin ag déanamh cúirtéireachta léi agus bhí an lá leis. D’ainneoin máthair Franklin a bheith ina choinne, thug siad lámh is focal lena chéile i mí na Samhna, 1904. Phós siad ar Lá le Pádraig, 1905, ócáid mhór sna nuachtáin toisc uachtarán na tíre, Theodore Roosevelt, a bheith i láthair. Chuir an lánúin faoi i gCathair Nua-Eabhrac. Thug Máthair Franklin, Sara, teach sa chathair dóibh. Ar dtús chuireadh máthair a céile a ladar isteach i ngach socrú sa teach, rud ab éasca agus teach Sara béal dorais leo agus, go deimhin, gan eatarthu ach comhlaí sleamhnáin. Ghlac Eleanor leis sin (ainneoin na bprionsabal a d’fhoghlaim sí ó Marie Souvestre), ach de réir a chéile d’éirigh léi a húdaras féin a bhaint amach sa teach. Nuair a toghadh Franklin mar sheanadóir stáit chuir siad fúthu in [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]], príomhchathair stát Nua-Eabhrac. Faoiseamh d’Eleanor ab é seo mar bhí sí ábalta éalu ó chur isteach Sara ina saol.
Chuir Eleanor aithne ar Franklin D. Roosevelt, duine a raibh sinsear Ollannach aige i gcoiteann léi (mar atá Nicholas Roosevelt, 1658–1742), ar thraein i Nua-Eabhrac sa bhliain 1902. Thosaigh Franklin ag déanamh
cúirtéireachta léi agus bhí an lá leis. D’ainneoin máthair Franklin a bheith ina choinne, thug siad lámh is focal lena chéile i mí na Samhna, 1904. Phós siad ar Lá le Pádraig, 1905, ócáid mhór sna nuachtáin toisc uachtarán na tíre, Theodore Roosevelt, a bheith i láthair. Chuir an lánúin faoi i gCathair Nua-Eabhrac. Thug Máthair Franklin, Sara, teach sa chathair dóibh. Ar dtús chuireadh máthair a céile a ladar isteach i ngach socrú sa teach, rud ab éasca agus teach Sara béal dorais leo agus, go deimhin, gan eatarthu ach comhlaí sleamhnáin. Ghlac Eleanor leis sin (ainneoin na bprionsabal a d’fhoghlaim sí ó Marie Souvestre), ach de réir a chéile d’éirigh léi a húdaras féin a bhaint amach sa teach. Nuair a toghadh Franklin mar sheanadóir stáit chuir siad fúthu in [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]], príomhchathair stát Nua-Eabhrac. Faoiseamh d’Eleanor ab é seo mar bhí sí ábalta éalu ó chur isteach Sara ina saol.
 
Nuair a ceapadh a fear céile mar leas-rúnaí an [[Cabhlach na Stát Aontaithe|Chabhlaigh]], lean sí é go [[Washington, D.C.]], ise i gcónaí ag déanamh de réir na ndualgas traidisiúnta a bhíodh ag bean a bhí pósta le duine poiblí. Sa bhliain 1919, fuair sí cual litreacha cumainn ón rúnaí aigesean, Lucy Rutherford, nuair a bhí sí ag baint a chuid éadaigh as mála taistil. D’éiligh sí colscaradh uaidh ach dhiúltaigh Franklin a leithéid a dhéanamh, agus eisean ag iarraidh a shaol polaitiúil a choimeád slán sábháilte. Mar sin féin, d’éirigh an comhréitiú eatarthu ina mhargadh polaitiúil in áit an ghnáthchaidrimh phósta. <ref>Claude-Catherine Kiejman, ''Eléonore Roosevelt - First Lady et rebelle'', Tallandier,‎ 2012, lch. 249</ref>
Line 36 ⟶ 35:
 
Ina dhiaidh sin, chuaigh Eleanor agus Franklin a mbealach féin. D'éirigh sise mór le gárda cosanta a tugadh di sa bhliain 1929, fear darbh ainm Earl Miller a mhúin di conas roinnt spórt a imirt. Rinne sí caidreamh dlúth le roinnt ban chomh maith. Lorena Hickok, iriseoir, an duine ba shuntasaí díobh. Bhí a fhios ag cuid de chomhghleacaithe proifisiúnta Hickok gur leispiach í. Tar éis tamaill, d'éirigh "Hick" (mar a thug Eleanor uirthi) as a post agus thosaigh sí ag obair d'Eleanor. Chaith siad a lán ama i gcuideachta lena chéile agus scríobh siad roinnt míle litreacha chun a chéile sna blianta 1933 go 1962.<ref>Tina Gianoulis, Eleanor Roosevelt [archive], glbtq.com : ''An Encyclopaedia of Gay, Lesbian, Bisexual, Transgender and Queer Culture'', 2004</ref> Dhóigh Hickok cuid díobh le príobháideachas Eleanor a chosaint. Scríobh Hickok roinnt alt faoi óige agus saol laethúil Eleanor, rud a chuidigh go mór lena híomhá a chruthú. Hickok a spreag Eleanor chun aistí rialta a scríobh sna páipéir nuachta. Ní féidir a bheith lánchinnte a raibh caidreamh collaí ag Eleanor le haon duine díobh ar éirigh sí mór leo, fiú i gcás Lorena Hickok.
 
Saolaíodh seisear páistí don lánúin. Fuair duine díobh bás agus é ina leanbh:
* Anna Eleanor, Jr. (3 Bealtaine 1906 - 1 Nollaig 1975): iriseoir, caidreamh poiblí
* James (23 Nollaig 1907 - 13 Lúnasa 1991): fear gnó, ball de Chomhdháil na Stát Aontaithe
* Franklin Delano, Jr. (18 Márta 1909 - 1 Samhain 1909)
* Elliott (23 Meán Fómhair 1910 - 27 Deireadh Fómhair 1990): fear gnó, méara
* [[Franklin Delano Roosevelt Jr.|Franklin Delano, Jr.]] (17 Lúnasa 1914 - 17 Lúnasa 1988): fear gnó, ball den Chomhdháil, feirmeoir
* John Aspinwall (13 Márta 1916 - 27 Aibreán 1981): fear gnó
 
==A saol poiblí==