An difríocht idir athruithe ar: "Neil Young"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 23:
Bhain Young cáil amach ar dtús sna seascaidí mar bhall den bhanna [[Buffalo Springfield]]. Shroich Young a bhuaic, ámh, sna [[1970idí]] nuair a chuaigh sé amach mar cheoltóir aonair leis na gceirníní ''[[After the Gold Rush]]'' agus ''[[Harvest]]''. Chaith sé tamall freisin ina bhall den “shár-ghrúpa” [[Crosby, Stills, Nash and Young]]. Cé go raibh meas agus rath bainte amach aige ar fud an domhain, thosaigh sé ag éirí tuirseach leis an gceol tráchtála a bhí á sheinm aige. Dá bharr sin, thosaigh sé ag cumadh ceoil a bhí i bhfad níos trialaí, agus chaill sé a chonradh ceoil le Geffen sna [[1980idí]] tar éis chúpla albam aisteach.
 
Glacadh isteach é sa [[Rock and Roll Hall of Fame]] faoi dhó: mar aonréadaí (1995) agus mar bhall den ghrúpa úd Buffalo Springfield (1997).<ref>http://www.rockhall.com/inductees/neil-young/ arna rochtain ar 14 Bealtaine 2015</ref> Chuir sé faoi i dtuaisceart [[California|Chalfornia]] sna 1970idí mar a bhfuil sé ina chónaí go fóill. Níor éirigh sé as a shaorántachtshaoránacht Cheanadach riamh, áfach, agus tá sé aitheanta ag a thír dhúchais mar bhall de Ord Manitoba (mar ar chaith sé cuid mhaith dá oige) agus mar Oifigeach de chuid Ord Cheanada. Comhshaolaí agus gníomhaí ar son na síochána atá ann chomh maith.
 
== Tús a shaoil ==