An difríocht idir athruithe ar: "Rann na Feirste"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
daonáireamh = |
}}
Is ceantar i bparóiste [[Anagaire]] in iarthar [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]] i bPoblacht na hÉireann í '''Rann na Feirste''' (seanainm: "Ceann Dubhrann"; ''[[Béarla]]'': "Ranafast" nó "Rinnafarset"). Tá sí suite [[Na Rosa|sna Rosa]]. Bhí cónaí ann ar thart352 duine 300i duineRann na Feirste sa mblian 2011.
 
Maireann an Ghaeilge go fóill mar phríomhtheanga an cheantair Gaeltachta seo. I 2011 dúirt 71% do daonra Rann na Feirste go labhraíonn siad an [[Gaeilge]] go laethúil lasmuigh don córas oideachas. Bhí an [[Gaeilge]] ag 92.8% don daonra ag an am. Ar theacht an tsamhraidh chuile bhliain téann a lán scoláirí go dtí [[Coláiste Bhríde]], a bunaíodh sa bhliain 1926 chun Gaeilge a fhoghlaim agus aithne a chur ar an chultúr gaelach. Nuair a bhíonn siad ann, fanann siad le teaghlaigh áitiúla. Bhí ceangal láidir ag an choláiste le oirthear chúige Uladh mar gheall ar an mbaint a bhí ag an Athair Lorcán Ó Muirí le bunú an choláiste. Scaip an tAthair Ó Muirí, agus sagairt agus tuataigh eile ar nós [[Tomás Ó Fiaich]] cáil Rann na Feirste ar fud na hÉireann agus bhí iomrá ar scríbhneoirí agus seanchaithe an cheantair.
 
I measc mhuintir na háite a bhfuil clú agus cáil orthu, tá na scríbhneoirí [[Séamus Ó Grianna]] agus [[Seosamh Mac Grianna]], na seanchaithe Micí Sheán Néill agus Neidí Frainc agus ceoltóirí go leor, go háirithe clann Uí Dhomhnaill (Mícheál, Tríona, Mairéad a bhí sa ghrúpa [[Skara Brae]] agus a n-uncail Condaí Mhicí Hiúdaí.