Fáilte cuir in eagar

Haigh, a Vicipéid12, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo!

Tá sé éasca ailt nua a chruthú nó a cheartú. Téigh go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó téigh go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais in ár réamhrá.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar eagarthóir eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 21:07, 28 Deireadh Fómhair 2014 (UTC)Reply

Foinsí cuir in eagar

Go raibh maith agat as an ábhar nua a bhfuil tú ag cur leis na hailt faoi áiteanna in Éirinn. Táimid (mise san áireamh) cineál leithsciúil faoi fhoinsí ach sílim go mbeadh na figiúirí faoin nGaeilge an-úsáideach dúinn.

Arbh'fhéidir leat foinse a chur i ngach halt le haghaidh na bhfigiúirí na gcainteoirí na Gaeilge? Feicfidh tu samplai ag bun na leathanaigh. Ná déan dearmad ar 'reflist' a chur i ndiaidh an téacs. GRMA. SeoMac (talk) 05:00, 1 Samhain 2014 (UTC)Reply

Ailt faoi chontaetha cuir in eagar

Haigh, a Vicipéid12

Ba mhaith liom iarraidh ort roinnt athraithe a dhéanamh sna hailt faoi chontaetha atá á scríobh agat. Cé go mbíonn siad ullmhaithe go maith agat, tá roinnt mionbhotún sa "teimpléad" sin agat agus tá na mílte contaetha ann (gan trácht ar chontaetha Cheanada!) De réir mar a leanann tú ar aghaidh beidh ar dhuine éigin iad go léir a cheartú. Seo leagan eile d'alt tipiciúil:


Contae Lincoln, Maine

Íomhá:Léarscáil?

Íomhá:|mion|

Is contae i ndeisceart Maine é Lincoln. Is é X príomhbhaile an chontae. Sa bhliain 2010 bhí cónaí ar 34,457 duine sa chontae. Ba Bhéarla an phríomtheanga ag 97.7% de na daoine agus bhí Fraincis ag 1% díobh.

DEFAULTSORT:Lincoln (Maine), Contae

Catagóir:Contaetha Maine


Níl an leagan seo foirfe, b'fhéidir, agus tá bealaigh eile le cuid den eolas seo a chur in iúil: Tá 100 duine ina gcónaí i ... ; Tá cónaí ar 100 duine i ...; Tá 100 duine ag maireachtáil/maireachtaint i ...

B'fhiú féachaint ar ailt faoin tíreolas de chuid Colin Ryan no Panu Högland: Tromsø, Varkaus.

Rud eile: Thug tú faoi deara go mbíonn níos mó ná contae ann a bhfuil an t-ainm céanna air: Contae Lincoln, Maine; Contae Lincoln, Nebraska etc. Tugtar an stát le gach contae ar Vicipéid an Bhéarla. Tabhair faoi deara, áfach, go ndéantar é sin ar na vicipéidí eile má's rud é go bhfuil breis is contae amháin i gceist: Passaic County ach Ocean County, New Jersey. Unlike the English Wikipedia, the other Wiki projects are adding the state only where disambiguation is necessary.

Tá mé cineál amhrasach faoi na síolta go léir seo. Ach pléifidh mé an cheist sin sa Lárionad Comhphobail mar baineann sé linn go léir.

Arís, GRMMA as do chuid oibre ar fad. SeoMac (talk) 17:11, 14 Márta 2015 (UTC)Reply

A thuilleadh faoi chontaetha cuir in eagar

Bhí mé ag breathnú ar léarscáil a thaispeánann contaetha na Stát Aontaithe. Yikes! Agus cuir Ceanada san áireamh! Rinneadh úsáid as bots leis an cineál seo oibre a dhéanamh ar chuid de na Vicipéidí eile. Ach ansin ní bheadh dóchas ar bith againn a bheith ábalta coinneáil suas leat.

Smaoinigh mé ar cheist amháin. Tá cuid de na contaetha mór tábhachtach. Mar shampla, tá 7 milliún duine i gContae Los Angeles agus é níos tábhachtaí ná cathair Los Angeles féin. Beidh tú ag cur suas síolta i gcomhar a lán contaetha an-bheaga in iargúl na tíre sula dtagann tú ar Chontae Los Angeles. Arbh fhéidir dul tríd na liostaí agus tabhairt faoi na cinn is mó ar dús? Contae ar bith i Meiriceá os cionn milliún duine nó 500,000 duine?

Rud eile. B'fhéidir gur tháinig tú cheana féin ar chontaetha a bhfuil an t-achar céanna acu agus atá in ionad eile riaracháin: Manhattan County = Manhattan; Kings County = Brooklyn; San Francisco County (ainm?) = cathair San Francisco. Sa chásanna sin ní bhactar fiú ag Vicipéid an Bhéarla le alt faoi leith don chontae--athdhíriú/redirect, sin é. Mar shampla, a redirect for 'King's County' to Brooklyn will be better than a separate article for King's County. They're pretty much the same thing. Best regards. SeoMac (talk) 21:14, 13 Aibreán 2015 (UTC)Reply

Teangacha cuir in eagar

Dia dhaiobh Vicipéid12. Feicim do leathanaigh nua faoi contae sa S.A.M. Ach, i deara, nach bhfuil tú chur leis na teangacha ar an vicipéid eile. Go mbeadh sé go hiontach dá dtiocfadh leat a chur orthu mar sin d'fhéadfadh daoine ar vicipéid eile a fheiceáil ar ár earraí. Go raibh maith agat Lucky102 (talk) 12:54, 15 Aibreán 2015 (UTC)Reply

You are invited! cuir in eagar

 
You are invited...
 

The Celtic Knot: Wikipedia Language Conference - Programme now live.

  • Hosts: The University of Edinburgh and Wikimedia UK
  • Supporting: Celtic & Indigenous Languages.
  • Objective: The main objective for Celtic Knot 2017 is the coming together of practitioners in the same room at same time; strengthening the bonds of those working to support language communities into a 'knot' and leading into action. Attendees can expect to learn about and discuss innovative approaches to open education, open knowledge and open data that support and grow language communities.
  • Date: 6 July 2017 - Booking is now open.

Stinglehammer (plé) 00:06, 23 Bealtaine 2017 (UTC)Reply