An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not good
Líne 67:
Bhí an dá thaobh ag milleánú a chéile faoi mharú príosúnach neamharmtha. Ghreamaigh míchlú den chineál seo de Reisimint Essex in Arm na Breataine Móire, ach go háirithe. I Mí na Samhna 1920, seachtain amháin i ndiaidh [[Domhnach na Fola (1920)|Dhomhnach na Fola]] i mBaile Átha Cliath, rinne díorma d'Óglaigh ó Iarthar Chorcaí, agus Tomás Ó Barra (Tom Barry) i gceannas orthu, ionsaí luíocháin ar phatról de Phóilíní Cúnta i g[[Cill Mhíchíl]], Co. Chorcaí, agus maraíodh an t-iomlán de na Briotanaigh - ochtar fear déag ar fad - sa teagmháil. Is é an chiall a bhain na Gaill as an scéal ná gur maraíodh cuid de na péas i ndiaidh dóibh géilleadh. Deir na hÓglaigh, áfach, gur géilleadh bréagach a bhí ann, agus nach gnách ceathrú anama a thabhairt d'aon duine i ndiaidh a leithéide, sa chogadh.
 
Sórt cloch mhíle a bhí i gceist le luíochán [[Chill MhíchílMíchil|Chill Mhíchil]], nó ina dhiaidh sin, chuaigh an cogadh an oiread sin chun géire agus gur chuir na Sasanaigh dlí airm i bhfeidhm ar [[Cúige Mumhan|Chúige Mumhan]] go léir. I Mí Lúnasa den bhliain 1920, chuir na Gaill na cúirteanna cróinéara ar fad ar ceal, ó bhí siad ag seirbheáil an iomarca barántas in aghaidh saighdiúirí de chuid fhórsaí na Corónach. Cuireadh "cúirteanna míleata fiosraithe" in áit na gcúirteanna cróinéara.
 
Sna chéad ocht mí eile, go dtí an sos cogaidh, bhí na maruithe ag dul i líonmhaireacht. Básaíodh míle de dhaoine ó Mhí Eanáir go Mhí Iúil den bhliain 1921. Saighdiúirí dubha nó dearga iad trí chéad acu, agus an chuid eile ba sibhialtaigh nó Óglaigh iad. Thar an tréimhse chéanna, caitheadh ceithre mhíle go leith de dhaoine i dtóin phríosúin, de dheasca an drochamhrais go raibh siad ag cabhrú leis na hÓglaigh nó ina mbaill den IRA.