An difríocht idir athruithe ar: "Croí"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
 
San [[imshruthú sistéamach]], téann fuil, a bhíonn ocsaigin laghdaithe, ón cheann, ón mhuineál agus ó na sciatháin isteach san aitriam deas, tríd an [[vena cava uachtarach]] (príomhfhéith na colainne). Téann an fhuil ón ucht, ón bholg agus ó na cosa isteach tríd an [[vena cava íochtarach]]. San am céanna a mbíonn an t-aitriam deas ag líonadh le fuil, bíonn fuil ocsaiginithe ó na [[imshruthú scamhógach|scamhóga]] ag dul isteach san aitriam clé, trí na féitheacha scamhógacha.
Crapann na matáin sna haitriamaí, osclaíonn na comhlaí déchuspacha agus tríchuspacha
agus líonann na méadailíní le fuil.
Ansin crapann ballaí matánacha na méadailíní, druideann na comhlaí déchuspacha
agus tríchuspacha agus osclaíonn na comhlaí corránacha agus brúitear an fhuil isteach sna
hartairí
Brúitear an fhuil ón mhéadailín dheas isteach san artaire scamhógach agus téann an fhuil go dtí na scamhóga. Brúitear an fhuil ón mhéadailín chlé isteach san aorta agus pumpáiltear thart faoin cholainn ar fad í.
 
==Struchtúr==
[[File:Surface anatomy of the heart.png|thumb|left|upright|Ta croí an duine suite i lár r an tóracs, lena bhuaic dírithe ar an taobh clé]]
Tá an croí suite i lár an [[Meánchliabhrach|mheánchliabhraigh]] taobh thiar de [[Steirneam|chnámh an uchta]] sa [[tóracs|chliabhrach]] , ag leibhéal na [[veirteabra thóracsach|veirteabraí tóracsacha]] T5 - T8 . Tá an chuid is mó den chroí suite de ghnáth beagán ar chlé an chliabhraigh (cé gur féidir leis corruair bheith beagán ar an taobh dheis ) agus braitear é a bheith ar an taobh clé toisc go bhfuil an taobh clé níos láidre, ós rud é mbío0nn air fuil a phumpáil go dtí gach cuid den choirp. Toisc go bhfuil an croí idir na scamhóga, bíonn an scamhóg chlé níos lú ná an scamhóg eile.
 
===Balla an chroí ===
[[File:2004 Heart Wall.jpg|thumb|right| Sraitheanna de bhalla an chroí, lena n-áirítear peireacairdiam an ionathair, agus an peireacairdiam pairiatach.]]
 
The heart wall is made up of three layers:
Bíonn balla an chroí comhdhéanta de thrí shraith: an [[ionchairdiam]] istigh , an [[miócairdiam]] lár agus an [[eipeacairdiam]] seachtrach . Tá siad seo timpeallaithe ag sac scannánach- dúbailte. ar a dtugtar an [[peireacairdiam]].
== Imshruthú Dúbailte ==
 
Sníonn an fhuil tríd an chroí dhá uair ar turas amháin iomlán den chorp. Uair amháin ag teacht ón choirp ar an taobh dheas, ansin ar an taobh clé ag a.teacht ó na scamhóga. Cuirtear imshruthú dúbailte ar seo.
 
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Orgáin]]