An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
mNo edit summary
defsort, stil Vici (teidil)
Líne 21:
|}}
 
Ba cheannaire míleata agus polaiteoir [[Éire]]annach é '''Mícheál Eoin Ó Coileáin''' nó ''Míċeál Ó Coileáin'' (''Michael Collins'' an [[Béarla|Bhéarla]]; [[16 Deireadh Fómhair]], [[1890]] – [[22 Lúnasa]], [[1922]]) a rugadh i g[[Contae Chorcaí]]. Bhí sé beartach i g[[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]], agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1921]]. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach [[an Chéad Dáil|na Chéad Dála]]. De dheasca an chonartha seo a chuaigh an [[Críochdheighilt na hÉireann|chríochdheighilt]] ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug [[Eamon de Valera|de Valera]] aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|gCogadh Cathartha]]. Bhí an Coileánach chun tosaigh ar na fórsaí a bhí ag cur in aghaidh de Valera sa chogadh seo.
 
Bhí gean ag [[Gael|Gaeil]] ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i [[Béal na mBláth|mBéal na mBláth]] in iarthar [[Contae Chorcaí|Chorcaí]]. Scríobh [[Tim Pat Coogan]] beathaisnéis faoi as Béarla, agus sa bhliain [[1985]], d'fhoilsigh [[Pádraig Ó Braoin]] beathaisnéis Gaeilge <ref>Ó BRAOIN, Pádraig: ''Mícheál Ó Coileain'', Éigse na Mainistreach, 1985</ref>.
 
== A Chéadchéad Óigeóige ==
 
Saolaíodh Mícheál Ó Coileáin in aice le [[Cloich na Coillte]] in Iarthar Chorcaí sa bhliain [[1890]]. B'eisean dríodar an chrúiscín, agus tháinig beirt mhac agus cúigear deirféaracha roimhe. Níltear ar aon bharúil faoina bhreithlá, nó is é [[12 Deireadh Fómhair|an dóú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair]] atá le léamh ar leac a uaighe, ach is é an séú lá déag a thugann lucht scríofa a chuid beathaisnéisí.
Líne 57:
Is iomaí trá a bhí le freastal ag an gCoileánach sa bhliain 1919. Sa samhradh, cuireadh i gceannas ar an [[IRB]] é. I Mí Mheán Fómhair, chuaigh sé i mbun Rannóg Faisnéise na nÓglach. Thosaigh Cogadh na Saoirse ar an lá céanna agus a chéadchruinnigh an Dáil i Mí Eanáir sa bhliain 1919, nó b'ar an lá céanna a lámhach cathlán d'Óglaigh beirt [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|saighdiúirí dubha]] a bhí ag gardáil coinsíneacht geiligníte ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann]]. Ní raibh orduithe faighte ag na hÓglaigh an t-éacht seo a dhéanamh.
 
== Ina Aireaire Airgeadaisairgeadais dó ==
 
Cé go raibh sé gnóthach cheana féin, fuair sé tuilleadh dualgaisí le comhlíonadh, nuair a rinne Éamon de Valera Aire Airgeadais de sa bhliain 1919.
Líne 119:
Ar dtús, rith comhréiteach leis an gCoileánach: bheadh bunreacht Poblachtánach ag an Saorstát nach ndéanfadh trácht ar bith ar an Rí, ach ní dhiúltófaí don Chonradh. Bhí an smaoineamh seo inghlactha ag an gcuid ba mhó de na Poblachtánaigh, leis. Chun scoilt na nÓglach a leigheas, bhunaigh an Coileánach Coiste Athaontaithe an Airm, agus bhí toscairí ón dá thaobh ina mbaill den Choiste. Ghlac sé buntáiste, freisin, ar an seasamh a bhí aige san IRB leis na hÓglaigh a mhealladh chun toiliú leis an gConradh. Ansin, áfach, dhiúltaigh na Gaill don bhunreacht Phoblachtánach, agus ní raibh comhréiteach ar bith ar fáil ó na Poblachtánaigh a thuilleadh. Mar sin, ní raibh an cogadh cathartha le seachaint ní ba mhó.
 
== An Cogadh Cathartha agus Básbás an Choileánaigh ==
[[Íomhá:Michael Collins 1922.jpg|thumb|Ó Coileáin ag caint i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922]]
I Mí Aibreáin sa bhliain 1922, shealbhaigh dhá chéad Óglach frith-Chonartha [[na Ceithre Cúirteanna]] i m[[Baile Átha Cliath]] i ndiúnas ar an Rialtas Sealadach. Bhí an Coileánach ag iarraidh cogadh cathartha a sheachaint, agus mar sin, staon sé ón bhfoirgneamh a ionsaí, go dtí nár fhág na Gaill an dara rogha aige. Ar [[22 Meitheamh|an dóú lá fichead de Mhí an Mheithimh]], mharaigh beirt Óglach Sior [[Henry Wilson]], ginearál Gallda ar pinsean, i m[[Belgravia]] i Londain. San am sin, chreid an saol mór gurbh iad na hÓglaigh fhrith-Chonartha a rinne an obair. Bhagair [[Winston Churchill]] ar an gCoileánach [[Arm na Breataine]] a chur go Baile Átha Cliath leis na frith-Chonraitheoirí a chaitheamh amach as na Ceithre Chúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta é a dhéanamh.
Líne 142:
Chuaigh de Valera i gcuimhne na ndaoine mar sheanfhear caoch ag caitheamh deireadh a shaoil leath ina phinsinéir ina Uachtarán ar Éirinn sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí. Is é an chuimhne a choinnítear ar [[Liam Mac Cosgair]] ná gurbh eisean an Taoiseach ar thit sé ar a chrann cúrsaí airgeadais na tíre a chur ina seasamh arís i ndiaidh tuairteáil an stocmhalartáin sa [[Wall Street]]. Is é an rud is túisce a ritheann leis na daoine faoi Risteard Ó Maolchatha gurbh eisean a d'údaraigh bású na gcimí i rith an Chogaidh Chathartha. Maidir le hEoin Ó Dufaigh, b'eisean an póilín a chuaigh le polaitíocht agus a thug taithneamh d'fhaisisteachas [[Francisco Franco]]. An Coileánach, áfach, ní raibh sé i ndán dó a lámha a shalú i gcúrsaí na polaitíochta iarchogaidh. Eisean an fear óg glórmhar scafánta a bhí ábalta idir Phoblacht, Chonradh agus inspioráid mhillteanach a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus a fuair bás sular tháinig bláth ceart air, go díreach nuair a bhí a thír dhúchais ar thairseach an neamhspleáchais.
 
== AnSna Scannánscannáin ==
 
Sa bhliain [[1996]], tháinig scéal Mhíchíl Uí Choileáin ar an scáileán, nuair a rinne an stiúrthóir [[Neil Jordan]] scannán de. B'é [[Liam Neeson]] a bhí i ról an Choileánaigh féin, agus b'í [[Julia Roberts]] a rinne páirt a chailín, [[Caitríona Nic Thiarnáin]]. Thairis sin, chonacthas [[Aidan Quinn]] ag déanamh pháirt [[Énrí Ó Beóláin|Énrí Uí Bheóláin]], agus b'ar chrann [[Alan Rickman]] a thit sé ról [[Eamon de Valera]] a dhéanamh. B'é an stiúrthóir féin, Neil Jordan, a chum an script, agus b'é [[Elliot Goldenthal]] an ceolchumadóir a sholáthair an fuaimrian.
Líne 180:
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtrachasheachtracha ==
 
* [http://www.ucc.ie/celt/online/E900001-001/ The Path to Freedom; Bailiúchán de scríbhinní Mhíchíl Uí Choileáin]
Líne 186:
* {{en}} [http://generalmichaelcollins.com/ Collins 22 Society]
 
{{DEFAULTSORT:Coileain, Micheal O}}
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|Coileain, O Micheal]]
[[Catagóir:StairPolaiteoirí na hÉireann|Coileain, O Micheal]]
[[Catagóir:BaillStair denna 1ú Dáil|Coileain, O MichealhÉireann]]
[[Catagóir:Baill den Dáil|Coileain, O Micheal]]
[[Catagóir:Baill den Dáil|Coileain, O Micheal]]
[[Catagóir:DaoineBaill asden Contae Chorcaí|Coileain, O MichealDáil]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Chorcaí]]
[[Catagóir:Daoine a cuireadh i Reilig Ghlas Naíon]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1890|Coileain, O Micheal]]
[[Catagóir:Básanna i 1922|Coileain, O Micheal|Coileain, O Micheal]]