An difríocht idir athruithe ar: "Collóideach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ábhar atá ilchineálach ina struchtúr is a chomhdhéanamh. Struchtúir 1 mm (10-6 m) ar leithead nó níos lú a bhíonn ann, is iad ag snámh i gcomhábha(i)r eile....'
 
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Glass_of_milk_on_tablecloth.jpg|deas|200px|thumb|Collóideach]]
Ábhar atá ilchineálach ina struchtúr is a chomhdhéanamh. Struchtúir 1 mm (10-6 m) ar leithead nó níos lú a bhíonn ann, is iad ag snámh i gcomhábha(i)r eile. Samplaí is ea cúr a snámhann bolgáin aeir nó gáis eile i leacht éigin ann: cúr leanna, [[uachtar reoite]], sobal bearrtha. Sampla eile is ea an [[eibleacht]], páirteagail de leacht amháin ag snámh i leacht eile: bainne, maonáis, an-chuid [[cosmaidí]]. Sampla eile is ea an t-easrú, páirteagail sholadacha ag snámh i leacht: dúch, péint, [[múnlach]]. Rangaítear collóidigh ina soil, cosúil le bainne, a bhfuil iompar leachtach den chuid is mó acu, agus ina nglóthacha, cosúil le geilitin, a bhfuil iompar soladach den chuid is mó acu.