An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"
Content deleted Content added
No edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 9:
|rialtóir=[[An Éigipt]]: Acadamh na Teanga Araibise
|iso1 = ar |iso2 = ara |iso3=ara |macratheanga=is ea}}
Is í an '''Araibis''' an ceann is mó cainteoirí dúchais de na [[Teangacha Seimíteacha|teangacha
== Na Teangacha Séimíteacha ==
[[Teangacha Seimíteacha|Teanga
- an [[Acáidis]]. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Sa Mheasapótaim - in [[An Iaráic|Iaráic]] an lae inniu - a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh gur tháinig sí i leaba na [[Súiméiris]]e, an tseanteanga Mheasapótamach nach raibh aon teanga eile gaolmhar léi, go bhfios dúinn. B'í aibítir na litreach dingchruthach - "cuneiform" mar a thugann lucht labhartha an Bhéarla uirthi - a d'úsáidtí leis na teangacha seo, eadar Acáidis agus
Faoin mbliain 2000 roimh bhreith Chríost a thosaigh an Acáidis ag titim as a chéile, agus gach canúint ag dul a bealach féin. B'iad an Aisiris agus an Nua-Bháibileoinis an dá chanúint ba tábhachtaí acu seo, ach má bhí féin, chuaigh an chéad cheann acu in éag faoin am a rugadh Críost. Ní léir go fóill cad é an gaol a bhí acu seo le dhá sheanteanga eile ar baisteadh Éablaítis agus
Tá muid níos eolaí ar chinniúint na dteangacha Séimíteacha Iar-Thuaisceartacha, mar atá, an [[An Aramais|Aramais]] agus an [[An Eabhrais|Eabhrais]] thar aon cheann eile. Dealraíonn sé go dtéann na teangacha seo siar go dtí an Amóirítis, teanga nach bhfuil mórán fágtha di thar na hainmneacha pearsanta i gcartlanna Acáideacha. Bhí an Aramais an-difriúil leis an Eabhrais cheana nuair a breacadh an dá theanga síos an chéad uair riamh, ach tá aon dlúthghaol amháin, ar a laghad, ag an Eabhrais - an Fhéinícis. Cuid de na canúintí Féiníceacha, tá siad
Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán
Maidir leis an Aramais, tá sí ar fáil i bhfoirm scríofa ón mílaois dheireanach roimh bhreith Chríost ar aghaidh. Nuair a d'éirigh sí ina gnáth-theanga ar fud an Mheán-Oirthir, scoilt sí ina dhá leath, an ceann iartharach - Aramais na Palaistíne, an Nabaitéis agus an Phailmíris - agus an ceann oirthearach, as ar fáisceadh na canúintí Nua-Aramaise a mhaireann inniu féin i mbéal dreamanna beaga de Chríostaithe anseo is ansiúd ar fud an
Na teangacha atá fágtha anois, is iad na gaolta is dlúithe dá bhfuil ag an Araibis - sin le rá, teangacha Séimíteacha an Iar-Dheiscirt. Is é sin, más fíor gurb iad na gaolta is dlúithe iad. Nó níl lucht an tsaineolais ar aon fhocal go fóill faoin gcineál muintearais nó baint atá ag na teangacha
Maidir le teangacha
Nuair a chuaigh daoine de lucht labhartha na hAraibise Theas a chónaí san [[An Aetóip|Aetóip]] fadó, chuir siad tús le forbairt na Sean-Amairise (ná tóg in ainriocht na hAramaise í, ní hionann an dá theanga!) nó an teanga [[Ge'ez]], a úsáidtear i gcónaí mar theanga naofa in Eaglais na nOrtadocsach Cóipteach san Aetóip. Thairis sin, saothraítear an Nua-Amairis mar theanga scríofa inniu, in éineacht le
Cuid de na saineolaithe, áfach, - an scoláire [[Iosrael]]ach Roibeard Hetzron thar aon duine eile - tá siad inbharúla nach bhfuil ag an Araibis Thuaidh ach lúb bheag ghaoil leis an Araibis Theas agus na teangacha Amaracha san Aetóip. Síleann an scoil seo go bhfuil an Araibis sa ghrúpa céanna leis an Eabhrais agus an Aramais.
Líne 34:
== Trí Theanga Ghaolmhara in Aon Chorcán le Chéile ==
Cibé faoi sin, tá lucht an tsaineolais féin ag dul in éadóchas ag iarraidh crann ceart ginealais a líniú do na teangacha
Mar shampla, cuid mhór den Aramais atá ar caomhnú, is Aramais le scríbhneoirí Giúdacha í a bhí go mór faoi thionchar na hEabhraise. Ansin, is í an bharúil atá ag na scoláirí taobh amuigh den domhan Ioslamach go bhfuil Araibis an Chórain breac le hiasachtaí Aramaise, toisc go bhfuil baint ag an gCóran féin le traidisiún na gCríostaithe is na nGiúdach. B'í an Aramais [[francbhéarla]] (lingua franca) an traidisiúin seo sa Mheán-Oirthear, agus na téarmaí ab fhearr le fáil inti chun cur síos a thabhairt ar na coincheapa
Thairis sin, nuair a shocraigh na sluaite móra de Ghiúdaigh síos i dtíortha Ioslamacha le teacht slán ó na géarleanúintí barbartha a bhí ar cois ag na Críostaithe, is léir gur fhág sin faoi thionchar na hAraibise iad, agus iad ag forbairt na hEabhraise mar theanga léannta. Agus arís, an cineál Aramaise a labhraítear sa Mheán-Oirthear inniu, tá sí á saothrú ag daoiní a bhfuil cónaí orthu i dtíortha Arabacha, daoine a chaithfeas Araibis a tharraingt orthu agus iad ag caint le lucht údaráis an stáit. Fágann an Araibis a lorg ar chaint bheo na hAramaise inniu, mar sin, agus an dá theanga chomh dlúth sin i dteagmháil le chéile. An tSean-Aramais a chleachtaíodh lucht léinn an Ghiúdachais i gcuid de na scríbhinní naofa Giúdacha, is léir gur "Aramais Ghiúdach" atá ann, Aramais a cuireadh in oiriúint do riachtanaisí téarmaíochta an Ghiúdachais - agus an Eabhrais ag soláthar na téarmaíochta, nó múnlaí a húsáide, ar a laghad.
Líne 44:
== Fréamhacha na hAraibise ==
Cibé faoin ngaol atá ag an Araibis leis na teangacha
Tá focail agus ainmneacha Araibise le fáil in áiteanna éagsúla roimh lá Mhuhamad in inscríbhinní - cuid acu, tá siad scríofa le litreacha na hAraibise Theas; an chuid eile acu, Aramais atá iontu,
B'é an Córan a chuir bun leis an litríocht Araibise agus le caighdeán na hAraibise Clasaicí. Ar chúiseanna na diagachta féin, is gnách a shíleadh go raibh an Fáidh dall ar scríbhneoireacht is aibítir ar bith. Ar a laghad, bhí páirt thábhachtach ag an ghlanmheabhraíocht i bhforbairt an Chórain. I ndiaidh bhás Mhuhamad, áfach, tháinig an-deifir ar lucht a leanúna a chuid aislingí a chur i míotar, agus mar sin, bhreac siad síos an Córan agud chuir siad in eagar é mar leabhar ceart. An aibítir a bhí in úsáid ag na hArabaigh san am sin, ba leagan
Ina dhiaidh sin féin, níor ghnách na gutaí a scríobh amach ar aon dóigh ar leith. B'é an gramadóir Abú 'l-Asbhad al Du'áilí a chuir an chéad sonrú i dtábhacht na ngutaí i gcaighdeánú na hAraibise sa tseachtú haois, ach b'é al-Hailíl ibn Achmad sa chéad aois eile a chum na comharthaí a sheasann do na gutaí i scríbhneoireacht Araibise an lae inniu.
Líne 54:
== Caighdeánú na hAraibise ==
An chéad ghramadóir Araibise, al-Siobabhaithí, ní Arabach a bhí ann ach Peirseach a chaithfeadh an teanga a fhoghlaim mar theanga iasachta. Deirtear, fiú, nár bhain an fear bocht líofacht rómhaith amach sa teanga labhartha riamh. Mar sin féin, chruthaigh sé modheolaíocht dhian gramadóireachta a rabh an-tionchar aici ar na glúnta de thaighdeoirí teangeolaíochta ina dhiaidh. Bhaineadh sé úsáid as analach
Bhí an teanga féin á teannadh is á streachailt go mór ag athruithe na sochaí Arabaí a tháinig ar lorg an Ioslaim, agus na hArabaigh ag cur catha ar lucht an "éigreidimh" sna tíortha ina dtimpeall. Nó de réir mar a bhí siad ag teacht i seilbh tailte nua a bhí go minic níos saibhre nó níos airde ó thaobh an chultúir de ná saol fáin na mBeidiúnach, b'éigean dóibh focail úra a ligean isteach, agus iad ag fáil aithne ar chleachtais is
Ní raibh teanga an Chórain féin glan ar iasachtaí, muis. Rinneadh tagairt cheana féin don dóigh ar fhág Aramais Shíreach na gCríostaithe a sliocht ar Araibis an Chórain. Thairis sin, is léir go ndearnadh trácht éigin sa Chóran féin ar ábhair nó ar rudaí a
Sna tíortha iasachta ba thúisce a d'fhorghabh siad, fuair na hArabaigh rompu cultúr saibhir an Heilléineachais. Ba mhór an spreagadh do na hArabaigh é léann a fhoghlaim agus Araibis a chur ar shaothair eolaíochta na scoláirí Heilléineachais. Nuair nach raibh meas an mhadra ag an Iarthar ar smaointeoirí ná ar thaighdeoirí an Heilléineachais, rinne na hArabaigh a gcuid féin dá n-obair siúd. Ansin, tháinig borradh mór i saothrú téarmaíochta an léinn is na heolaíochta san Araibis, ó bhí téarmaí nua ag teastáil leis an teanga a chur in oiriúint do na smaointí úra a bhí le cur i bhfoclaibh inti.
Líne 64:
== Gramadach na hAraibise ==
Mar is dual do theanga
== Tionchar na dTeangacha Eile ==
Is léir go
Scéal ar leith é an tionchar a bhí ag an Ghréigis ar fhorbairt na hAraibise liteartha. Na chéad iarrachtaí a tugadh ar shaothair fhealsúnachta a aistriú ón Ghréigis, b'uafásach an
== An Mheán-Araibis: an litríocht is na canúintí ==
Líne 76:
=== An [[Débhéascna]] ===
Caithfidh muid cuimhne a choinneáil air nár rugadh an duine go fóill a chleachtfadh caighdeán clasaiceach na hAraibise ina ghnáthchaint. Is é sin, tá an staid ar a dtugtar ''débhéascna'' i bhfeidhm ar fud dhomhan na hAraibise. Is é is brí le débheascna ná go bhfuil réimsí áirithe an tsaoil chultúrtha - an litríocht, cuir i gcás - ag baint úsáide as ''leagan ard'' na teanga, agus an gnáthshaol ag roghnú an ''leagain ísil''. Ní hionann seo agus an
Bhí dímheas ag na hArabaigh riamh ar an té nach gcloífeadh leis an gcaighdeán ina chuid scríbhinní, ó tháinig an caighdeán anuas ó Dhia féin leis an gCóran Beannaithe. Ina dhiaidh sin féin, tá teacht ar go leor litríochta nach bhfuil ag cloí leis an gcaighdeán. "Meán-Araibis" a thugann na saineolaithe ar an gcineál teanga atá ann. Is é is Meán-Araibis ann ná Araibis atá truaillithe ag an gcanúint labhartha, nó Araibis atá curtha ó mhaith ag an bhforcheartú. Is é an rud atá i gceist le forcheartú ná iarrachtaí
=== Meán-Araibis na nGiúdach ===
Líne 86:
=== Meán-Araibis na gCríostaithe ===
Níl an Araibis Ghiúdach róchosúil le Meán-Araibis na gCríostaithe. Na scéalta naomhsheanchais, na haistriúcháin
=== Canúnachas i litríocht na hAraibise inniu ===
Maidir le príomhshruth an tsaoil Araibise, is dual do gach scríbhneoir i gcónaí canúnachas a sheachaint i scríbhinní. Tá glacadh le hamharclannaíocht sa ghnáthchaint ceart go leor, gan aon trácht a dhéanamh ar na sraithscéalta teilifíse. An chuid is mó den litríocht, áfach, tá sí glan ar an gcanúnachas inniu féin. Bíonn na scríbhneoirí ag cur an mhíle strus orthu féin ag foghlaim rialacha an chaighdeáin le bheith in ann aithris a dhéanamh ar na seanmháistrí. Ar ndóigh, cuireann an tIoslam an-bhéim ar chomh tábhachtach is atá sé teanga an leabhair bheannaithe a choinneáil beo, mar chuid den urraim atá dlíte do Dhia ón Muslamach chráifeach. Thairis sin, tá lucht an náisiúnachais shaolta sách naimhdeach i dtaobh an chanúnachais chomh maith, nó is é a mbarúil-san go gcaithfidh na hArabaigh uile cur le chéile agus comhar a dhéanamh i ndiúnas ar fhorlámhas an Iarthair. Mar sin féin, tá litríocht scríofa i gcanúintí na Liobáine, rud a bhaineann leis an chlaonadh úd nach nglacann leis gur tír Arabach í an Liobáin féin, agus bhí gluaiseacht filíochta canúnaí ann le linn thréimhse Nasir san Éigipt, mar a raibh roinnt filí ag iarraidh litríocht de chuid na ngnáthdhaoine a chothú mar chuid de thionscnamh an tSóisialachais Araibigh. Sa lá atá inniu ann, uaireanta úsáidtear an chanúint le ráitis phearsaí na n-
== Canúintí na hAraibise ==
Roinntear canúintí na hAraibise ina gcúig phríomhghrúpa: canúintí na Leathinise Arabaí; canúintí na Measapotaime (na h[[An Iaráic|Iaráice]]); canúintí na Siria stairiúla, .i. an chuid is mó den tSiria, den Liobáin, den Iordán agus de Phalaistín an lae inniu; canúintí na h[[An Éigipt|Éigipte]]; agus na canúintí a labhraítear i dtíortha Thuaisceart na hAifrice siar ón Éigipt - ''al-Maghreb'' a bheir lucht na hAraibise ar na tíortha seo. Bíonn difríochtaí sóisialta agus áitiúla le cluineadh laistigh de na canúintí réigiúnacha, agus go hiondúil bíonn
=== An Mháltais agus Araibis na Cipre ===
Líne 100:
Cás ar leith iad na canúintí a labhraítear i [[Málta]] agus sa [[An Chipir|Chipir]].
Nuair a d'fhorghabh na Normannaigh Málta, chuaigh an Araibis Chlasaiceach i léig san oileán, agus na Muslamaigh a bhí ina gcónaí ansin, murar maraíodh iad, cuireadh d'fhiachaibh orthu iompú chun Críostaíochta. Ós rud é gurbh ionann an Araibis Chlasaiceach agus Araibis an Chórain, ní fhéadfá í a shaothrú mar theanga chultúrtha a thuilleadh, agus tú ag iarraidh gothaí an dea-Chríostaí a chur ort féin. Déanta na fírinne, is iomaí Máltach nach n-admhaíonn sa lá atá inniu ann gur canúint Araibise atá á labhairt aige: is fearr leis a áitiú air féin gur sean-[[Féinícis|Fhéinícis]] - teanga
Ní raibh sa [[An Mháltais|Mháltais]] go ceann i bhfad ach canúint labhartha, agus í á forbairt ina treo féin beag beann ar dhomhan mór na hAraibise. Fuair sí na mílte focal ar iasacht ón [[An Iodáilis|Iodáilis]], agus nuair a tháinig [[An Ríocht Aontaithe|na Sasanaigh]] i seilbh an oileáin, thosaigh na focail Bhéarla ag sileadh isteach.
Maidir le hAraibis na Cipre, tá sí ar tí dul in éag ar fad,
Canúint chónaitheach ón tSír í Araibis Khormakiti go bunúsach. Ar a laghad, sin iad an cineál canúintí is cosúla léi. Inniu, áfach, tá sí breac le hiasachtaí [[An Ghréigis|Gréigise]], agus is ar éigean a bheifeá ag súil lena mhalairt. Nó is teanga í nach mbreactar síos de ghnáth. Má scríobhtar an-chorruair í, is dócha gurb iad na litreacha Gréigise a chuirtear i bhfeidhm uirthi, nó is í an Ghréigis a úsáideann muintir Khormakiti mar theanga liteartha shibhialta.
Líne 138:
Ós rud é gur Críostaí a bhí in Al Achtal, ní raibh aon chúl air fíon a ól, agus bhí sé ar duine de na filí ba mhó a scríobh dánta fíona fosta. Bhí an-traidisiún ag na dánta fíona i bhfilíocht na hAraibise, agus bhí sé an-fhadálach ag dul in éag, siúd is nach raibh moladh an fhíona is na meisce ag réiteach go rómhaith le riailbhéas an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a fuair bás sa bhliain 814, an file fíona ab aithnidiúla, nó sin é an cineál clú atá air, ar a laghad. Laoch béaloidis atá ann, mar Abú Nubhás, agus na mílte scéilíní á n-insint faoi. Is é an t-aon rud amháin ar féidir linn a bheith cinnte faoi i dtaobh mo dhuine ná nach bhfuil sa chuid is mó de na scéilíní seo ach cumadóireacht.
Ar ndóigh, scríobhadh na seanfhilí Arabacha dánta grá chomh maith le duine. Nuair a bhí clann Úmáighea i seilbh na cailifeachta, bhí dhá phríomhghné á saothrú ag lucht scríofa na ndánta grá. Fir uaisle diomhaoine ba mhó a chumadh iad sna cathracha, agus iad go mór faoi thionchar na sofaisticiúlachta nó fiú an drabhláis a bhí ag teacht isteach ón bPeirs shean-ardchultúrtha. B'é Ómár ibn Aibí Raibíá an file ba tábhachtaí acu seo. Fuair Ómár bás dosaen nó
Shaothraíodh na filí Beidiúnacha gné eile de dhánta grá, mar atá, traigéidí nó triantáin ghráidh. Amhráin a bhí sna dánta seo, agus thug siad go leor inspioráide do lucht scríofa próis fosta. B'iad Majnún agus Laidheala lánúin chlasaiceach na filíochta seo, cosúil le Triostán agus Iosóld san Artúraíocht. Bhí Majnún dúnta i ngrá le Laidheala ó tháinig an chéad chuimhne aige, ach nuair a pósadh an cailín ar fhear eile, chaill Majnún a mheabhair, agus fágadh ag fánaíocht san fhásach é, ag cumadh amhráin dá rúnsearc agus ag déanamh a chomhrá leis na hainmhithe aingiallta. Go leor de na dánta grá a thugann cur síos ar an scéal seo, deirtear gurbh é Majnún féin a chum iad, ach ar ndóigh, níl i gceist leis sin ach maisiú rómánsúil. Creideann lucht an tsaineolais gur pearsana finscéalacha amháin iad Majnún agus Laidheala agus baint acu leis an mbéaloideas réamh-Ioslamach. Mar sin, is dócha gur béaloideas atá sa chuid mhór de na hamhráin Bheidiúnacha seo fá dtaobh de ghrá leatrom Mhajnún, ach amháin nár cuireadh ar pár roimh lá na nÚmaigheadach iad.
Líne 146:
De réir a chéile, meascadh an dá ghné trí chéile, i gcruth is gur fáisceadh dán grá de chineál úr astu - filíocht atá níos cosúla leis na hamhráin a chluinfeá ó thrúbadóirí na hEorpa sna meánaoiseanna. Déanta na fírinne, creidtear go raibh tionchar éigin ag filíocht na nArabach ar an trúbadóireacht san Eoraip.
Nuair a tháinig Clann Abbáis - nó na hAbásaidigh - i seilbh na cailifeachta, bhí malairt cuma ar an bhfilíocht ghrá cheana. Bhí filíocht gháirsiúil á saothrú ag filí áirithe, ach is léir nach raibh aon ghlacadh oscailte ag an saol mór lena leithéid i sochaí an Ioslaim. B'í an fhilíocht [[homaighnéasachas|homaighnéasach]] a tháinig chun tosaigh i dtréimhse na nAbásaideach. B'iad coinbhinsiúin agus comhghnása na filíochta Peirsí ba bhunsiocair leis seo; ach i mbreis ar an tionchar sin, dá n-úsáidfeá fíorainm mná i ndán anghrách, is féidir go sílfeadh athair cailín éigin ar comhainm le cailín an dáin, - go sílfeadh sé gur ag maslú a iníne-sean nó ag cur mígheanmnaíocht ina leith-se a bheifeá. Mar sin, bhí sé ní ba sábháilte cloí leis an ngrá homaighnéasach mar ghnás liteartha, beag beann ar an chineál craicinn ab fhearr leis an bhfile ina shaol phríobháideach féin. Dealraíonn sé, áfach, go raibh Abú Nubhás, máistir an chineál seo filíochta, - go raibh sé féin ina
Cuid den fhilíocht ghrá a scríobhadh i dtús ré na nAbásaideach, ní fíordhánta grá a bhí iontu ach dánta diaga misticiúla a bhí ag tabhairt cur síos ar an tsirtheoireacht
Fán am seo, i dtús na naoú haoise, a thosaigh na náisiúin neamh-Arabacha sa Chailifeacht ag éileamh a gcirt i saol an chultúir. "Siúbachas" nó ''shu'ubiyya'' a thugtar ar an ngluaiseacht seo, agus b'iad na Peirsigh a bhí chun tosaigh i measc lucht an tSiúbachais, mar ba dual dóibh. Sean-náisiún ardchultúrtha is ea iad na Peirsigh, ar ndóighe, agus siúd is go raibh siad ina ngéillsinigh ag na hArabaigh Mhuslamacha anois, níorbh ionann é is a rá gur lig siad a seanchultúr (ná a dteanga, nach bhfuil gaol ar bith aici leis an Araibis) i ndearmad i ndiaidh dóibh iompú i leith an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a ndearna muid trácht air cheana féin, an file ba mhó a d'eascair as ithir an tSiúbachais. Chuir a chuid scigaithrise deireadh leis an mBeidiúnachas i bhfilíocht na hAraibise. Bhí samhlaoidí nua ag déanamh a mbealaigh isteach - samhlaoidí a bheadh bunaithe ar shaol shofaisticiúil na gcathrach ina raibh cónaí ar shliocht na bhforghabhálaithe Arabacha anois. Ar ndóighe, ó b'as an bPeirs a tháinig an só sofaisticiúil i saol an Ioslaim, ba léir go raibh tionchar na Peirsise ar an bhfilíocht agus ar an stíl Arabach ag teacht in éineacht le hathrú an chultúir ábhartha.
Líne 156:
An stíl a tháinig ar an saol anois, is féidir í a chur i gcomparáid leis an mBarócachas - ''badi´'' an téarma Araibise. Filíocht ardealaíonta is ea í an fhilíocht ''badi´'', agus í ag éirí cineál féintagarthach go géar gasta, ag cur níos mó béime ar an maisiúlacht agus ar na tagairtí liteartha: chaithfeadh gach aon fhile a léiriú go raibh sé eolach ar an traidisiún agus ar shaothar na bhfilí a tháinig roimhe féin. Bhí na filí á dtuirsiú féin leis na mílte meafar, pearsanuithe, paradacsaí agus cleasanna eile, agus na dánta ag éirí doléite ar fad. D'fhéadfá a rá gur chuir an file gairmiúil ardléannta ruaigeadh ar an éigeas tíre agus ar an bhfile pobail.
Baineann an fhilíocht ''badi´'' leis an naoú haois. Bhodhraigh sí cluasa na héisteoirí faoi dheoidh, agus d'fhill na filí nua ar an bhfilíocht "nádúrtha", nuachlasaiceach i ndeireadh na haoise céanna. Mar sin féin, níor ligeadh an fhilíocht ''badi´'' i ndearmad go hiomlán. Tréimhse taighde, turgnaimh agus tástála ab ea í tréimhse na ndánta ''badi´'', tréimhse a mhúin go leor cleasanna úra do na filí - ach iad a úsáid go
==== Prós na hAraibise - adab agus maqama ====
Líne 196:
==== Emil Habibi ====
Scríbhneoir tábhachtach eile ab ea é Emil Habibi a fuair bás sa bhliain 1996. Palaistíneach a bhí ann a ghlac le saoránacht Iosrael, rud a d'fhág go rabh meas an tréigtheora is an fhealltóra ag cuid mhór dá mhuintir féin air. Is cosúil go raibh sé inbharúla gurbh fhearr do na Palaistínigh fanacht ar a dtír dhúchais, agus d'iarr sé go scriofaí ar a thuama na focail "A d'fhan i Haifa". Cibé scéal é, chaith Habibi fiche bliain ina Fheisire i bparlaimint
==== Litríocht na mBan ====
|