An difríocht idir athruithe ar: "Roibeard Emmet"
Content deleted Content added
Coimeád |
No edit summary |
||
Líne 1:
Ba
Tháinig Roibeard Emmet ó chlann Protastúnach saibhir Angla-Éireannach a bhí trua acu do Chaitlicigh Éireannach agus a easpa ionadíocht cothrom sa Pharlaimint. Bhí trua ag an teaghlach Emmet do na coilínigh reibiliúnach i Réabhlóid Mheiriceá. Cé gur theip ar iarrachtaí Emmet deireadh a chur le riail na Breataine in Éirinn, spreag a ghníomhartha agus a óráid i ndiadh a chiontú a chomhthírigh.
== Luath Saol ==
Saolaíodh Roibeard Emmet ag 109 [[Faiche Stiabhna]], i m[[Baile Átha Cliath]] ar an 4ú Márta 1778. Bhí sé mar an mac is óige ag Dochtúir Roibeard Emmet (1729-1802), lia cúirte, agus a bhean chéile, Elizabeth Mason (1739-1803). Bhí teaghlach Emmet compordách ó thaobh airgead de. Bhí teach acu i bhFaiche Stiabhana agus teach cónaithe faoin tuath acu gar do [[Baile an Mhuilinn (Baile Átha Cliath)|Bhaile an Mhuilinn]]. Ba é an náisiúnach Tomás Addis Emmet ceann de dheartháireacha Roibeard Emmet agus bhí Tomás mar dhlúth-chara le [[Theobald Wolfe Tone]] agus thug Wolfe Tone cúirteanna ar an teach go minic nuair nach raibh Roibeard ach páiste.
D'fhreastail Emmet ar scoil Oswald i Lána an Óir i mBaile Átha Cliath. Chuaigh Emmet isteach i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Trínóide]], [[Baile Átha Cliath]] i mí Dheireadh Fómhair 1793, gan é ach 15. I mí na Nollag 1797 ghlac sé ballraíocht le Cumann Stairiúil an Coláiste, cumann díospóireachta. Agus é sa choláiste, thosaigh a dheartháir Tomás agus cúpla dá chairde a bheith páirteach i ngníomhaíochas polaitiúil. Fuair Roibeard post mar rúnaí ar Cumann na hÉireannach Aontaithe rúnda sa choláiste, agus caithtear amach as an gcoláiste é i mí Aibreán 1798 mar thoradh ar seo. Sa bhliain céanna theith sé go dtí an Fhrainc agus é ag iarraidh gabháil a sheachaint. Ag an am seo bhí na Bhreatainaigh ag gabháil go leor náisiúnaithe. Agus é sa Fhrainc, fuair Emmet tacaíocht ó Napoleon agus gheall sé tacaíocht a thabhairt go Emmet nuair a thosaíodh an éirí amach.
I ndiadh Éirí Amach 1798, bhí Emmet páirteach in atheagrú Cumann na nÉireannach Aontaithe, a bhí cloíte. I mí Aibreán 1799 d'eisíodh barántas gabhála ina choinne. D'éalaigh sé agus beagáinín i ndiadh é seo thaisteal sé go dtí an Mór-Roinn ag súil go bhfaighfeadh sé cúnamh mhíleata ón Fhrainc. Níor éirigh leis mar go raibh Napoleon ag díriú a iarrachtaí ar ionraidh a dhéanamh ar Sasana. Chuaigh Emmet ar ais go Éire i mí Dheireadh Fómhair 1802. I mí Márta an bhlian dár gcionn, thosaigh sé ag pleanáil éirí amach eile.[[Íomhá:Robert Emmet - Project Gutenberg 13112.png|thumb|Roibeard Emmet]]
[[Íomhá:Grave of emmet.jpg|thumb|A leac uaigh]]
{{glanadh}}
==
I ndiadh gur tháinig sé ar ais go Éire, thosaigh Emmet ag ullmhú i gcomhair éirí amach nua, lena chomh-réabhlóidí Angla-Éireannach Tomás Ruiséil agus Séamas Hope. Thosaigh sé ag monarú airm agus pléascaigh in áitreabh éagsúla i mBaile Átha Cliath agus d'fhorbair sé píce le inse a lig don píce a bheith clúdaithe le clóca. Cheil na réabhlóidí na hullmhúcháin ach mharaigh pléascadh róluath, ag ceann de na harmlann a bhí ag Emmet, fear. B'éigean do Emmet dáta an Éirí Amach a thabhairt chun tosaigh sular mhúscailaíodh amhras na údaráis.
Ní raibh Emmet in ann cabhair a fháil ó reibilúnaigh Chill Mhantáin Michael Dwyer. Chas go leor reibiliúnaigh ó Chill Dara ar ais mar gheall ar ganntanas arm tine, ach chuaigh an Éirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath um thrathnóna ar an 23ú Iúil 1803. Cuireadh thart ar 10,000 cóip de foróigre in ainm an "Rialtas Sealadach" i gcló, rud a chuaigh i bhfeidhm ar Forógra na Poblachta i 1916; scrios na húdaráis formhór na cóipeanna.
Chaith Emmet cóta glas le fásáil báin, brístí báin, buataisí agus hata ar leathstuaic le cleití ar. Theip orthú Caisléán Bhaile Átha Cliath a thógáil, cé nach raibh cosaint láidir air, bhí corraíl ollmhór ann timpeall ar Sráid Thomáis. Chonaic Emmet duine ag tarraingt dragún óna chapall agus é á phíceaíl go dtí gur fuair sé bás. I ndiadh é seo, chur sé stop leis an Éirí Amach chun níos mó doirteadh fola a sheachaint. Ach, ní raibh smacht aige ar a chuid leantóirí. In eachtra faoi leith, tharraingaíodh an Tiarna Príomh-Bhreitheamh, an Tiarna Kilwarden, óna chóiste agus sáightear le pící é. Fuaireadh fós beo é, thógtar go theach é, áit a fuair sé bás beagáin níos déanaí.
== Gabháil agus Triail ==
[[Íomhá:Robert Emmet death mask only.jpg|clé|150px|thumb|Básdreach.]]
Chuaigh Emmet i bhfolach i ndiaidh an Éirí Amach ach ghabhadh é ar an [[25 Lúnasa]], in aice le [[Crois Araild]]. Chuir sé féin a shaoil i ndainséir nuair a bhog sé ó [[Ráth Fearnáin]] go dtí Crois Araild le bheith ina aice a mhuirnín, [[Sarah Curran]]. Thrialú é de réir an dlí ag baint le treas ar an [[19 Meán Fómhair]]; cheannaigh an coróin cabhair ó dlíodóir Emmet, [[Leonard MacNally]], don praghas £200 agus pinsean. Ar an [[20 Meán Fómhair]] cuireadh Emmet chun báis trí chrochadh agus cheann a bhaint. Cuireadh a chorp i bhfolach.
|