An difríocht idir athruithe ar: "Diosca ríomhaire"

Content deleted Content added
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:CD-ROM drive.jpg|deas|250px|thumb|Diosca ríomhaire]]
Feiste chun sonraí digiteacha a stóráil ar mhodh maighnéadach i bhfoirm diosca. Bhí dioscaí flapacha 13.8 cm ar trastomhas coitianta go dtí tús na [[1990idí]]. Ina dhiaidh sin bhí discéid 7.9 cm ar trastomhas i ngnáthúsáid, is níos déanaí fós discéid 3.8 cm. Ritear na dioscaí, timpeall 300 imrothlú in aghaidh an [[Soicind|tsoicind]], agus léitear iad nó stóráiltear orthu le ceann maighnéadach inghluaiste. Bhí de bhuntáiste acu gurbh fhéidir iad a bhaint as an [[ríomhaire]] agus a iompar go dtí ríomhaire eile in áit éigin eile. Bíonn dioscaí Winchester nó cruadhioscaí in úsáid, a bhíonn séalaithe go buan in aonad ar leith sa ríomhaire, lenar féidir i bhfad níos mó sonraí a stóráil. I ngach cás, bíonn scannán maighnéadach ar an diosca, agus is sa chiseal maighnéadach seo a stóráiltear na sonraí. Rothlaítear na dioscaí go han-tapa sa ríomhaire, agus is féidir stóráil orthu ag ionaid nó seoltaí ar leith, is léamh uathu go tapa le géag rochtana a ghluaiseann go gathach. Is féidir suas le 400 leathanach aon spás a stóráil ar dhiosca flopach dédhlúis. Is féidir na céadta oiread níos mó a stóráil ar [[Cruadhiosca|chruadhiosca]]. Mar sin, bhaintí feidhm as cruadhioscaí chun ríomhchláir feidhmiúcháin mar [[Próiseálaí focal|phróiseáil focal]], [[scarbhileog]], [[leabharchoimeád]] is mar sin a stóráil sa ríomhaire. Faoi seo, cuimhní soladstadacha is mó a úsáidtear.