An difríocht idir athruithe ar: "An Spáinnis"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 17:
Is í '''an Spáinnis''' nó '''Caistílis''' teanga náisiúnta [[an Spáinn|na Spáinne]], chomh maith leis an gcuid is mó de [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] agus [[Meiriceá Láir|Láir]]. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna h[[Na hOileáin Fhilipíneacha|Oileáin Fhilipíneacha]], i [[Meicsiceo]] agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidineach. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Is [[Teangacha Rómánsacha|teanga Rómánsach]] í, is é sin, is teanga de bhunadh na [[An Laidin|Laidine]] í. Tugtar ''Castellano'' ar an gcaighdeán oifigiúil go minic, is é sin, an Chaistílis, nó teanga [[An Chaistíl|Chúige na Caistíle]]. Dealraíonn sé gur tháinig an Spáinnis, mar theanga nó mar chanúint ar leith, ar an bhfód i gCantabria i dtuaisceart na Spáinne, ach ansin, chuaigh sí in úsáid sa Chaistíl freisin. Sa bhliain [[1492]], foilsíodh an chéad ghramadach chaighdeánach don Spáinnis. Sa bhliain chéanna, chuaigh [[Criostóir Colambas|Críostóir Colambas]], nó ''Cristobal Colón'', mar a thugann na Spáinniseoirí air, i dtír san Oileán Úr, agus chuir sé an chéad tús leis an ngabháltas millteanach, an ''Conquista'' nó an Concas, a rinne na Spáinnigh ansin. Thug siad a dteanga leo, agus ní raibh aon mhoill ar na bundúchasaigh í a fhoghlaim. Mar sin, is í an Spáinnis an teanga Rómánsach is líonmhaire cainteoirí inniu. Creidtear go bhfuil sí ó dhúchas ag ceithre chéad is deich milliún duine, agus an uimhir sin ag dul in airde. Mar sin, tá an Spáinnis ar theangacha móra an domhain, agus is fiú í a fhoghlaim, de réir gach caighdeán.
==
Is nós le muintir na Spáinne ''
Maidir leis na tíortha eile ina labhraítear an Spáinnis, ní bhíonn mórán polaitíochta ag greamú den téarma sin ''español'', agus braitheann sé ar an nós áitiúil, cé acu focal is minicí a chloistear. Tríd is tríd, áfach, is é an t-ainm sin ''castellano'' an ceann is lú idé-eolaíochta.
|