An difríocht idir athruithe ar: "An Spáinnis"

Content deleted Content added
No edit summary
Scríobhtar ainm teanga le litir bheag sa Spáinnis.
Líne 19:
==Ainm na teanga==
 
Is nós le muintir na Spáinne ''Españolespañol'' nó Spáinnis a thabhairt ar an teanga le hí a scaradh ó theangacha náisiúnta na dtíortha eile, ach is rogha leo ''castellano'' nó Caistílis a ghlaoch uirthi le béim ar leith a chur ar an difríocht idir í agus teangacha réigiúnda na Spáinne, an [[An Bhascais|Bhascais]] agus an [[An Chatalóinis|Chatalóinis]] ach go háirithe. Dá réir sin, is é an téarma a úsáideann bunreacht na Spáinne ná ''castellano''. Iad siúd a bhfuil teanga réigiúnda éigin á labhairt acu, is minic a bhíonn siad míshásta leis an bhfocal ''español'', ó shamhlaíonn siad le húsáid oifigiúil na deachtóireachta faoi [[Francisco Franco]] é. Is amhlaidh nach raibh meas an mhadra ag Franco ar na teangacha mionlaigh, agus é den tuairim go gcaithfí iad a bhaint de bhéal na ndaoine agus teanga ghlórmhar na Spáinne a chur ina n-áit. Ón taobh eile de, is féidir do náisiúnaí Bascach nó Catalónach an t-ainm sin ''español'' a thabhairt ar an teanga, agus é ag iarraidh a chur in iúl nach leis an Spáinn a réigiún féin ar aon nós, agus gur teanga choimhthíoch í an Spáinnis.
 
Maidir leis na tíortha eile ina labhraítear an Spáinnis, ní bhíonn mórán polaitíochta ag greamú den téarma sin ''español'', agus braitheann sé ar an nós áitiúil, cé acu focal is minicí a chloistear. Tríd is tríd, áfach, is é an t-ainm sin ''castellano'' an ceann is lú idé-eolaíochta.