An difríocht idir athruithe ar: "Louise Bourgeois"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Ealaíontóir [[SAM|Meiriceánach]] de bhunús na [[An Fhrainc|Fraince]] ab ea '''Louise Joséphine Bourgeois''' ([[25 Nollaig]] [[1911]] – [[31 Bealtaine]] [[2010]]). Rugadh i b[[Páras]] í, ach ba i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]] a raibh cónaí uirthi ón mbliain 1938 i leith. Thuill sí clú di féin lena [[dealbhóireacht]] ar mhórscála sa chuid is mó, ach rinne sí péintéireachtaí agus priontaí chomh maith. Bhí ceangail idir a cuid ealaíne féin agus ealaín an osnádúrachais agus an ealaín fheimíneach. Bhí sí pósta ar staraí ealaíne Meiriceánach darbh ainm [[Robert Goldwater]] (1907–1973).
 
Rinne Louise staidéar ar an matamaitic ach nuair a fuair a máthair bás chuaigh sí leis an ealaín. Sheas a hathair ina choinne sin, ach bhí sé toilteanach cuidiú léi le siopa priontaí a chur ar siúl ar an ábhar gur gnó a bhí i gceist, agus ní ealaín. Sa bhliain 1938 bhuail Robert Goldwater isteach chun cúpla prionta de chuid [[Pablo Picasso]] a cheannach. Phós siad agus níos déanaí sa bhliain thug siad aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac mar ar thosaigh sé arís mar ollamh leis na healaíona ag an [[New York University Institute of Fine Arts]]. D'fhreastail Bourgeois ar an [[Art Students League of New York]] agus Vaclav Vytlacil mar theagascóir péintéireachta aici. Rinne sí dealbha agus priontaí ag an am céanna.<ref>"Louise Bourgeois, influential sculptor, dies at 98", Cotter, Holland, ''The New York Times'', lch. 2., 31 Bealtaine 2010</ref>
 
==Tagairtí==