An difríocht idir athruithe ar: "Bob Dylan"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 12:
Ceoltóir, amhránaí, cumadóir, scríbhneoir agus file [[SAM|Meiriceánach]] is ea '''Bob Dylan''' (ar tugadh an t-ainm '''Robert Allen Zimmerman''' air nuair a saolaíodh é ar [[24 Bealtaine]], [[1941]] in Duluth, [[Minnesota]], S.A.M.).
 
Chaith Zimmerman mórán dá óige ag éisteacht leis an [[raidió]] – thosaigh sé ar dtús ag éisteacht leis na stáisiúin raidió a sheinn [[ceol tuaithetíre]] agus [[na gormacha]] agus níos déanaí d’éist sé le [[rac-cheol|rac is roll]]. D'eisigh a 37ú albam agus an ceann is déanaí, ''Fallen Angels'' i 2016. Bronnadh [[Duais Nobel na Litríochta]] air sa bhliain 2016.
 
== Na chéad ghrúpaí ==
Do bhunaigh sé roinnt bannaí agus é ar scoil. Níor mhair a chéad [[Banna ceoil|bhanna]], ''The Shadow Blasters'', rófhada ach bhí níos mó ratha air leis an dara banna, ''The Golden Chords''. Sheinn siad a leaganacha féin d'amhráin mhór-ráchairte an ama sin.
 
Ina bhliainiris i [[1959]] dúirt [[Robert Zimmerman]] gurb é an uaillmhian a bhí aige ná “To join [[Little Richard]]”Richard”. Sa bhliain chéanna, ag úsáid an ainm Elston Gunn, sheinn sé an pianó do [[Bobby Vee]].
 
== San ollscoil ==
Líne 34:
Nuair a bhí sé san ospidéal ag tabhairt cuairte ar Guthrie, bhuail Dylan le [[Jack Elliot]] – an ceoltóir a thaistil le Guthrie nuair a bhí sé ag seinm timpeall na tíre. D’éirigh Dylan agus Elliot cairdiúil agus luaigh Dylan é ina dhírbheathaisnéis “''Chronicles''”.
 
Ó Aibreán go Meán Fómhair 1961 sheinn Dylan i gclubanna éagsúla timpeall [[Greenwich Village]]. Tharla roinnt rudaí san am sin a thug níos mó aitheantais phoiblí dó. Ba le linn na tréimhse seo a thosaigh na stáisiúin raidió ag seinm a chuid ceoil. D’fhreastail an léirmheastóir Robert Shelton ó “The New York Times” ar a seó i “Gerde’s Folk City” agus scríobh sé léirmheas dearfach faoi. Chomh maith leis an dá rud sin, fuair Dylan cuireadh ón amhránaí tíre [[Carolyn Hester]] an [[armónach]] a sheinm ar a tríú halbam “Carolyn Hester”. Dhírigh sé seo aird [[John Hammond]], a bhí ag léiriú albam Carolyn do [[Colombia Records]], ar Dylan. Shínigh Dylan conradh le [[Colombia Records]] an Deireadh Fómhair sin.
 
Faraor, níor éirigh go rómhaith leis an gcéad albam a d’eisigh sé ar an lipéad sin. Níor dhíol sé ach 5,000 cóip sa chéad bhliain. Bhí roinnt daoine in Colombia Records den tuairim go raibh botún déanta ag John Hammond agus go mba cóir dó an conradh le Dylan a bhriseadh. Níor ghéill sé, áfach, agus chosain sé Dylan go láidir. Bhí comhghuaillí cumhachtach eile ag Bob Dylan in Colombia Records chomh maith – [[Johnny Cash]].
Líne 49:
Phós Dylan Sara Lownds i mí na Samhna, 1965. Rugadh a gcéad pháiste, Jesse Byron Dylan, ag tús mhí Eanáir 1966. Bhí ceathrar páistí acu le chéile: Jesse Byron, Anna Lea, Samuel Issac Abraham, agus Jakob Luke. D’uchtaigh Dylan iníon Sara Lownds óna céad phósadh.
 
Sna nóchaidí bhain a pháiste is óige, Jakob Dylan, cáil amach mar phríomhamhránaí an bhanna ''[[The Wallflowers]]''. Is stiúrthóir agus fear gnó rathúil é a mhac Jesse Dylan.
 
Scar Bob agus Sara Dylan óna chéile ar 29 Meitheamh 1977.