An difríocht idir athruithe ar: "Sinn Féin"
Content deleted Content added
cata. nua |
m →An Triú Sinn Féin: Rinne mé iarracht comhthéacs agus stair an pháirtí a shoiléiriú |
||
Líne 23:
== Stair an Pháirtí ==
===
B'é [[Art Ó Gríofa]] a bhunaigh Sinn Féin sa bhliain [[1905]], agus é báúil le Poblacht neamhspleách in Éirinn. San am céanna, thuig an Gríofach nach mbeadh sé furasta a leithéid de chuspóir a bhaint amach, agus mar sin, b'í an chéad aidhm a chuir sé roimh an bpáirtí ná féinrialtas nó neamhspleáchas teoranta: ní bheadh sé réasúnta ná réadúil an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh go huile is go hiomlán, dar leis, ach feabhas mór a bheadh san fhéinrialtas teoranta féin. [[Démhonarcacht]] is féidir a thabhairt ar an réiteach a bhí i gceist ag an nGríofach, nó bhí a chuspóir múnlaithe ar an gcineál monarcacht dhúbailte a cuireadh i bhfeidhm ar an Ungáir sa bhliain [[1867]], nuair a bhí an tír sin ceangailte den Ostair in [[Impireacht na hOstaire agus na hUngáire]].
Líne 29:
Ní raibh aon bhaint ag Sinn Féin le h[[Éirí Amach na Cásca]], ach mura raibh, is í an chiall chontrártha a bhain na húdaráis agus na nuachtáin araon as imeachtaí an Éirí Amach, nó bhí na focail ''The Sinn Féin Rebellion'' - ceannairc Shinn Féin - le léamh ar fud na háite tar éis an Éirí Amach. Nuair a cuireadh ceannairí an Éirí Amach, ar nós an Phiarsaigh féin, chun báis, d'éirigh na Náisiúnaithe i bhfad ní b'fhíochmhaire agus ní ba radacaí ina meon. Ní raibh eagraíocht pholaitiúil dá gcuid féin ag lucht an Éirí Amach, áfach, agus chuaigh siad chun caibidlíochta leis an nGríofach chun Sinn Féin a iompú ina pháirtí réabhlóideach.
===
Roimh thoghchán na bliana [[1918]], chuaigh ceannairí nua i seilbh Shinn Féin. D'fhág Art Ó Gríofa an halmadóir ag [[Éamon de Valera]] agus ag daoine eile a tháinig ina mbeo as an díoltas a d'agair na Gaill ar lucht an Éirí Amach. Ansin, bhí Sinn Féin ina pháirtí Poblachtánach go hiomlán. Bhuaigh an páirtí 73 shuíochán de na 105 cinn a bhí ar fáil in Olltoghchán na bliana [[1918]], agus ansin, d'fhógair feisirí an pháirtí nach mbeidís sásta Westminster a bhaint amach ná a gcuid suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hImpireachta Gallda i Londain. I dtús na bliana [[1919]], tháinig feisirí Shinn Féin le chéile le Dáil Éireann, nó parlaimint neamhspleách Phoblacht na hÉireann, a ghairm chun beatha. D'fhógair [[an Chéad Dáil]] seo neamhspleáchas na hÉireann, agus thosaigh [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] in Éirinn. I rith an chogaidh seo, bhí Sinn Féin i gceann rialtas réabhlóideach na hÉireann. Nuair a shínigh toscairí na hÉireann an Cogadh Angla-Éireannach, áfach, scoilt an páirtí ina dhá chuid. Chaith tromlach na dTeachtaí Dála a gcuid vótaí ar son an Chonartha, 64 vóta ar fad, ach mar sin féin, dhiúltaigh mionlach mór acu don Chonradh, 57 vóta ar fad. Thairis sin, bhí tromlach na nÓglach ag tacú leis an mionlach seo.
===
Bhí scoilt sa pháirtí maidir leis an g[[Conradh Angla-Éireannach]] sa bhliain 1921. An
===
Nuair a thréig de Valera agus lucht leanúna Fhianna Fáil an páirtí, níor fágadh ach dream beag coimeádach sa pháirtí. Ní raibh caidreamh rómhaith ag iarsmaí Shinn Féin leis an [[IRA]], ach an oiread, cé gurbh iad siúd an fórsa ba thábhachtaí agus ba threise i bhfad sa pholaitíocht Phoblachtánach. Sa bhliain [[1939]], d'éirigh leis an bpáirtí agus leis an arm teacht chun réitigh sa deireadh thiar thall, ach mar sin féin, chuir polasaí neamhfhreastail an pháirtí an-bhac ar a fhás is ar a fhorbairt.
Líne 43:
Sna seascaidí, thiontaigh gluaiseacht na Poblachta ar chlé, nuair a rinne go leor de na Poblachtánaigh a gcuid féin den anailís [[Marxachas|Mharxach]] ar chás na hÉireann. Ní raibh iomlán na gcomhaltaí sásta leis an gcasadh seo, agus ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain [[1970]], chuaigh scoilt nua air. Iad siúd a chloígh leis an Náisiúnachas traidisiúnta, chuir siad [[Sinn Féin Sealadach]] ar bun, agus an chuid eile, chuaigh siad le polaitíocht na heite chlé i [[Sinn Féin Oifigiúil]].
===
[[Íomhá:Sinnfeinposter.jpg|mion|Póstaer Shinn Féin i m[[Baile Átha Cliath]].]]
Is é [[Sinn Féin Sealadach]]
== Sinn Féin an lae inniu ==
Tá Sinn Féin páirteach sna hinstitiúidí polaitiúla ó thuaidh agus ó dheas. Tá Máirtín Mac Aonghusa (Martin McGuinness) ina Leas-Chéadaire sna 6 chontae (oifig atá ar aon chumacht leis an gCéadaire).
Tá borradh nach beag faoi thacaíocht don pháirt ó dheas le roinnt blianta anuas. In [[Olltoghchán na hÉireann, 2016|Olltoghchán na hÉireann]] 2016, bhuaigh an páirtí 23 suíochán i nDáil Éireann.
== Ceannairí ==
|