An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Mac Piarais"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 23:
|}}
 
[[Múinteoir|Oide]], [[Filíocht in Éirinn|file]], [[scríbhneoir]], [[Náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaí]] agus gníomhaire [[Polaitíocht|polaitiúil]] [[Éire]]annach ab ea é '''Pádraig Anraí Mac Piarais''', '''An Piarsach''', (as [[Béarla]], '''Patrick Henry Pearse'''; ([[10 Samhain]] [[1879]] – [[3 Bealtaine]] [[1916]]), agus é ar dhuine de cheannairí [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain 1916. An teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh le linn an éirí amach, agus b'eisean a chur tús leis nuair a léigh sé [[Forógra na Poblachta]] agus iad ag glacadh seilbhe ar [[Ardoifig an Phoist]]. Gabhadh an Piarsach agus na fír eile nuair a theip ar an eirí amach, agus cuireadh eisean agus a dheartháir [[Liam Mac Piarais|Liam]] chun báis.
 
== Tús a Shaoil ==
Líne 36:
 
B’iomaí tréimhse a chaith sé i g[[Conamara]] ag foghlaim na teanga. Thóg sé teach beag ceanntuí dó féin i [[Ros Muc]] agus chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite. Chaith sé tamall ina fhear eagair ar an g[[an Claidheamh Soluis|Claidheamh Soluis]], iris Chonradh na Gaeilge. Nuair a cuireadh na h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc. Ba bhall gníomhach de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]] (The Irish Republican Brotherhood) é.
[[Íomhá:Funeral of O'Donovan Rossa, graveside in Glasnevin Cemetery, St. James's band, crowds (26203288753).jpg|mion|óráid cois uaighe, O'Donvan Rossa, Lúnasa 1915]]
 
Ba iad aidhmeanna na scoile ná:
:''Instruct pupils in a love of the Irish language, Educate pupils in a love of chivalry and self-sacrifice, Teach pupils to have “charity towards all”, a sense of civic social duty.''
Líne 68:
 
Dhaor na Gaill chun báis é, agus cuireadh é féin agus a dheartháir [[Liam Mac Piarais|Liam]] (Willie) chun báis i gclós [[Príosún Cill Mhaighneann|Phríosún Chill Mhaighneann]] chomh maith le dáréag eile de cheannairí an Éirí Amach.
[[Íomhá:Statue padraig pearse.jpg|mion|Dealbh, Tralaí, Ciarraí ]]
 
An oíche a raibh sé ag fanacht lena bhás, scríobh sé litir chuig a mhatháir, chuig a dheartháir Liam, agus scríobh cuntas ar a thriall. Cuireadh chun báis é ar an 3 Bealtaine 1916 i bpríosún Chill Mhaighneann. Cuireadh a dheartháir chun báis an lá dar gcionn. Cuireadh é agus na Ceannairí Óglaigh eile i mBairic Mhileata sna glasáin.