An difríocht idir athruithe ar: "Boris Johnson"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 24:
|}}
 
Is polaiteoir, iriseoir agus staraí é '''Alexander Boris de Pfeffel Johnson <small>PC</small>''', ar a dtugtar '''Boris Johnson'''. Freastalaíonn sé mar Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus an Chomhlathais as 2016 amach agus tá sé ina Fheisire (MP) ag ionadaíocht Uxbridge agus Ruislip ó 2015. Roimhe sin, d’ionadaigh sé Henley ó 2001 go 2008 mar Fheisire agus bhí sé ina Mhéara Londain ó 2008 go 2016. Agus é ina bhall den [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Pháirtí Choimeádach]], tuigtear dó féin gur coimeádach aon-náisiúnach é agus tá páirt glactha aige le beartais atá liobrálach ar mhodh eacnamaíoch agus sóisialta.
 
Rugadh é i Nua-Eabhrac ar an [[19 Meitheamh]] [[1964]] i dteaghlach saibhir Sasanach den ard-mheán aicme. Fuair sé a chuid oiliúna sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil, in Ashdown House School agus in Eton College. Rinne sé staidéar ar an Léann Clasaiceach in Balliol College, Oxford, agus toghadh é ina uachtarán den Oxford Union in 1986. Thosaigh sé a ghairm mar iriseoir ag obair in ''The Times'' ach briseadh as an bpost sin de bharr faisnéise bréige a chuir sé a chéile. Tamaillín níos déanaí ceapadh é mar chomhfhreagraí de ''The Daily Telegraph'' sa Bhruiséil agus bhí tionchar suntasach ag a chuid ailt ar an tuairim Eoraisceipteach de chuid eite dheis na Breataine a a raibh borradh fúithi ag an am sin. B’eagarthóir cúnta é ó 1994 go 1999 sular éirigh leis cúraim an Eagarthóra a bhaint amach in ''The Spectator'' ó 1999 go 2005. Toghadh é ina Fheisire ag ionadú Henley in 2001 nuair a chuaigh sé isteach sa Pháirtí Coimeádach agus bhí sé sa scáth-chomh-aireacht, faoi cheannasaíocht Michael Howard agus [[David Cameron]] araon. Chloígh sé le gnás an Páirtí Coimeádaí den chuid is mó ach thóg sé seasamh ní ba liobrálaí ar bhealach sóisialta maidir le ceisteanna dála cearta lucht [[LADT|Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach]] i vótaí na parlaiminte. D’éirigh le Johnson a bheith ina dhuine de na polaiteoirí ba mór le rá sa Bhreatain de bharr an méid a bhí sé le feiceáil ar teilifís agus an tóir ar a shaothair scríofa, in irisí agus i leabhair freisin.