An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 20:
Tá muid níos eolaí ar chinniúint na dteangacha Séimíteacha Iar-Thuaisceartacha, mar atá, an [[An Aramais|Aramais]] agus an [[An Eabhrais|Eabhrais]] thar aon cheann eile. Dealraíonn sé go dtéann na teangacha seo siar go dtí an Amóirítis, teanga nach bhfuil mórán fágtha di thar na hainmneacha pearsanta i gcartlanna Acáideacha. Bhí an Aramais an-difriúil leis an Eabhrais cheana nuair a breacadh an dá theanga síos an chéad uair riamh, ach tá aon dlúthghaol amháin, ar a laghad, ag an Eabhrais - an Fhéinícis. Cuid de na canúintí Féiníceacha, tá siad cosúil leis an Eabhrais agus nach féidir a rá cé acu den dá theanga seo atá i gceist dáiríribh.
 
Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán cáipéisí ó na blianta ina dhiaidh sin freisin - go háirithe sa [[Talmúd]]. Bailiúchán de litríocht saíochta, fealsúnachta agus teagaisc is ea é an Talmud. Chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha faoin am a rugadh Críost, agus an Aramais á leitheadú mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Ar ndóighe, níor éirigh lucht léinn an Ghiúdachais riamh as a seanteanga a shaothrú sna scríbhinní; agus san fhichiú haois thosaigh na [[Siónachas|Siónaigh]] ag labhairt Eabhrais lena gclann leis an teanga a athbheochan mar ghnáthurlabhra phobail.
 
Maidir leis an Aramais, tá sí ar fáil i bhfoirm scríofa ón mílaois dheireanach roimh bhreith Chríost ar aghaidh. Nuair a d'éirigh sí ina gnáth-theanga ar fud an Mheán-Oirthir, scoilt sí ina dhá leath, an ceann iartharach - Aramais na Palaistíne, an Nabaitéis agus an Phailmíris - agus an ceann oirthearach, as ar fáisceadh na canúintí Nua-Aramaise a mhaireann inniu féin i mbéal dreamanna beaga de Chríostaithe anseo is ansiúd ar fud an Mheán Oirthir.
Líne 26:
Na teangacha atá fágtha anois, is iad na gaolta is dlúithe dá bhfuil ag an Araibis - sin le rá, teangacha Séimíteacha an Iar-Dheiscirt. Is é sin, más fíor gurb iad na gaolta is dlúithe iad. Nó níl lucht an tsaineolais ar aon fhocal go fóill faoin gcineál muintearais nó baint atá ag na teangacha Seimíteacha le chéile.
 
Maidir le teangacha Seimíteacha an Iar-Dheiscirt, mar a thugtar orthu go traidisiúnta, is iad an Araibis Thuaidh, an Araibis Theas, agus an Amáiris iad. Is gá a chuimhneamh gurb ionann an "Araibis" mar a thuigimid inniu é agus an Araibis Thuaidh. Teanga is ea í an Araibis Theas nach bhfuil róchosúil leis an Araibis Thuaidh ná intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. D'fhág an teanga seo a lorg ar an gcineál Araibis Thuaidh a labhraítear san [[An Ómáin|Ómáin]] agus san [[An Éiméin|Éiméin]]. Thairis sin, ámh, maireann canúintí de chuid na hAraibise Theas in áiteanna iargúlta go fóill, ar nós Oileán Soqotra. Ní gnách na canúintí seo a chur ar pár, áfach. Deacair is uile mar atá an teanga acu, is í an Araibis Thuaidh a bhíonn á saothrú ag lucht a labhartha, an chuid acu a bhfuil scríobh nó léamh aon teanga acu.
 
Nuair a chuaigh daoine de lucht labhartha na hAraibise Theas a chónaí san [[An Aetóip|Aetóip]] fadó, chuir siad tús le forbairt na Sean-Amairise (ná tóg in ainriocht na hAramaise í, ní hionann an dá theanga!) nó an teanga [[Ge'ez]], a úsáidtear i gcónaí mar theanga naofa in Eaglais na nOrtadocsach Cóipteach san Aetóip. Thairis sin, saothraítear an Nua-Amairis mar theanga scríofa inniu, in éineacht le cúpla canúint nó teanga eile a d'eascair ón tsean-Amairis fosta. Is í an Tigrinis an ceann is tábhachtaí acu seo, nó is í teanga oifigiúil na h[[An Éaraitré|Éaraitré]] í.
Líne 150:
Cuid den fhilíocht ghrá a scríobhadh i dtús ré na nAbásaideach, ní fíordhánta grá a bhí iontu ach dánta diaga misticiúla a bhí ag tabhairt cur síos ar an tsirtheoireacht reiligiúnach, ar an dóigh a raibh an Muslamach fíréanta ag iarraidh a bhealach a dhéanamh a fhad le Dia. Fuair go leor filí misticiúla an oiread sin múnlaí is gnása ar iasacht ó na dánta grá is go gcaithfidh tú saineolas éigin a tharraingt ort leis an gciall reiligiúnda a bhaint as an sórt seo filíochta. (Mar sin féin, tá an chiall sin ann. Bhíodh an tAyatollah Khomeiní féin - an fear céanna a theilg Salman Rushdie chun báis - ag scríobh filíocht faoi "aoibhneas an fhíona sa tábhairne", nach n-aithneofá aon tseach-chiall dhiaganta uirthi - go dtí go gcluinfeá cé a chum an dán...)
 
Fán am seo, i dtús na naoú haoise, a thosaigh na náisiúin neamh-Arabacha sa Chailifeacht ag éileamh a gcirt i saol an chultúir. "Siúbachas" nó ''shu'ubiyya'' a thugtar ar an ngluaiseacht seo, agus b'iad na Peirsigh a bhí chun tosaigh i measc lucht an tSiúbachais, mar ba dual dóibh. Sean-náisiún ardchultúrtha is ea iad na Peirsigh, ar ndóighe, agus siúd is go raibh siad ina ngéillsinigh ag na hArabaigh Mhuslamacha anois, níorbh ionann é is a rá gur lig siad a seanchultúr (ná a dteanga, nach bhfuil gaol ar bith aici leis an Araibis) i ndearmad i ndiaidh dóibh iompú i leith an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a ndearna muid trácht air cheana féin, an file ba mhó a d'eascair as ithir an tSiúbachais. Chuir a chuid scigaithrise deireadh leis an mBeidiúnachas i bhfilíocht na hAraibise. Bhí samhlaoidí nua ag déanamh a mbealaigh isteach - samhlaoidí a bheadh bunaithe ar shaol shofaisticiúil na gcathrach ina raibh cónaí ar shliocht na bhforghabhálaithe Arabacha anois. Ar ndóighe, ó b'as an bPeirs a tháinig an só sofaisticiúil i saol an Ioslaim, ba léir go raibh tionchar na Peirsise ar an bhfilíocht agus ar an stíl Arabach ag teacht in éineacht le hathrú an chultúir ábhartha.
 
==== Badi´ ====
 
An stíl a tháinig ar an saol anois, is féidir í a chur i gcomparáid leis an mBarócachas - ''badi´'' an téarma Araibise. Filíocht ardealaíonta is ea í an fhilíocht ''badi´'', agus í ag éirí cineál féintagarthach go géar gasta, ag cur níos mó béime ar an maisiúlacht agus ar na tagairtí liteartha: chaithfeadh gach aon fhile a léiriú go raibh sé eolach ar an traidisiún agus ar shaothar na bhfilí a tháinig roimhe féin. Bhí na filí á dtuirsiú féin leis na mílte meafar, pearsanuithe, paradacsaí agus cleasanna eile, agus na dánta ag éirí doléite ar fad. D'fhéadfá a rá gur chuir an file gairmiúil ardléannta ruaigeadh ar an éigeas tíre agus ar an bhfile pobail.
 
Baineann an fhilíocht ''badi´'' leis an naoú haois. Bhodhraigh sí cluasa na héisteoirí faoi dheoidh, agus d'fhill na filí nua ar an bhfilíocht "nádúrtha", nuachlasaiceach i ndeireadh na haoise céanna. Mar sin féin, níor ligeadh an fhilíocht ''badi´'' i ndearmad go hiomlán. Tréimhse taighde, turgnaimh agus tástála ab ea í tréimhse na ndánta ''badi´'', tréimhse a mhúin go leor cleasanna úra do na filí - ach iad a úsáid go spárálach cúramach.
Líne 162:
Maidir le prós na hAraibise, ní raibh sé leath chomh forbartha leis an bhfilíocht chlasaiceach. Díolamaí de scéilíní magaidh ó bhéal an phobail ab ea iad na chéad leabhair phróis sa teanga, nó rudaí a dtugtar ''adab'' orthu: is é an cineál leabhar atá ann ná bolg soláthair, nó lón léitheoireachta don dalta óg atá ag tógáil léinn ar scoil. Is geall le téacsleabhair scoile iad na díolamaí ''adab'' go minic. Is iomaí téacsleabhar focleolaíochta nach furasta a aithint thar dhíolaim ''adab''. B'as na díolamaí ''adab'' a d'fhás na ciclipéidí Araibise, sa deichiú haois ach go h-áithrid.
 
Faoin mbliain 1000 a tháinig an ''maqama'' i gcrann, agus b'as an bPeirs a fuarthas an chéad spreagadh chun an chineál seo scríbhneoireachta a chleachtadh, ní nach ionadh. Scéal magúil is ea é ''maqama'' agus é suite i saol na mbocht is na nocht sa chathair, nó i saol na n-oilithreach amuigh sna tíortha cúil. Bíonn na scéalta seo ag cur síos ar chleasanna na ndoilfeoirí agus ar reitric na reacairí i bpanc aonaigh, agus iad ag cur dallamullóg ar dhaoine macánta beag beann ar an dlí.
 
De réir mar a chuaigh an cultúr Arabach féin i léig, nó in abar ar a laghad, chaill an litríocht a seansracadh chomh maith. Níor tháinig fuinneamh úr inti roimh athbheochan na naoú haoise déag - ''al nahda''.