An difríocht idir athruithe ar: "Idirnáisiúntas Sóisialach"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 42 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q159454 (translate me)
Líne 7:
Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntas Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na [[An Phortaingéil|Portaingéile]] agus na [[An Spáinn|Spáinne]]. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntais ag tacú leis na [[Saindinistithe]] i [[Nicearagua]], agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas [[na Stát Aontaithe]] a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntas an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón [[An Iodáil|Iodáil]] agus [[FRELIMO]] ó [[Mósaimbíc|Mhósaimbíc]].
 
Fo-bhalleagraíocht de chuid an Idirnáisiúntais Shóisialaigh is ea é Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha, is é sin, faicsean na sóisialaithe daonlathacha ar an bPairlimint Eorpach.
 
Sa bhliain [[2006]], is é Giorgos Papandreou, cathaoirleach Ghluaiseacht Pan-Heilléineach na Sóisialaithe, atá i gceannas ar an Idirnáisiúntas Sóisialach. Tháinig sé i gcomharbas ar António Guterres, an Sóisialach Portaingéalach a bhí san oifig chéanna ón mbliain [[1999]] ar aghaidh.