An difríocht idir athruithe ar: "Horst Bienek"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 7 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q77208 (translate me)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Horst bienek tafel polnisch.jpg|thumb|Plaic chuimhneacháin do Horst Bienek i nGleiwitz/i nGliwice. Is é is brí leis an scríbhinn Polainnise ná:''Horst Bienek, 1930-1990, scríbhneoir Gearmánach. Chaith sé na blianta 1930-45 ina chónaí sa teach seo. Chuir sé i míotar saol a chathrach dúchais, Gleiwitz, i sraith cheithre úrscéal: "An Chéad Pholca", "Solas an Mheán Fómhair", "An tAm gan Chloig", "Talamh agus Tine". Fuair sé bás sa bhliain 1990 i München.'']]
[[Scríbhneoir]] [[An Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea é '''Horst Bienek''' (rugadh ar an [[7 Bealtaine]] [[1930]] é i nGleiwitz, inniu Gliwice sa [[an Pholainn|Pholainn]], fuair sé bás ar an [[7 Nollaig]] [[1990]] i [[München]]).
 
== A Shaol ==
Líne 21:
* ''Solschenizyn und andere'' ("[[Aleksandr Solzhenitsyn|Solzhenitsyn]] agus eile") - cnuasach aistí
* ''Der Blinde in der Bibliothek'' ("An Fear Dall sa Leabharlann") - cnuasach eile aistí
* ''Königswald oder die letzte Geschichte'' ("Königswald, nó an Scéal Deireanach" - logainm is ea é Königswald a chiallaíonn Coill an Rí nó Foraois an Rí) - Cineál seachthoradh is ea é seo don tsraith faoi Gleiwitz - úrscéal faoi na himeachtaí i ndeireadh an chogaidh sa Bhoihéim (is é sin, in iarthar na Seicshlovaice, a bhí forghafa ag na Gearmánaigh). Seanmhná iad na príomhcharachtair, agus díorma de chuid an [[SS]] ag iarraidh a dteach a shealbhú le cath deireanach an éadóchais a chur ansin ar na treallchogaithe Seiceacha agus ar na saighdiúirí Sóivéadacha. Téann na seanmhná chun ceannairce agus chun cearmansaíochta ar fhir an SS, áfach, ós rud é nach dteastaíonn a leithéid de chath uathusan ar aon nós.
* ''Birken und Hochöfen. Eine Kindheit in Oberschlesien'' ("Beithí agus Múcháin. Mo chéad óige sa tSiléis Ard").