An difríocht idir athruithe ar: "Graostacht"
Content deleted Content added
Tom Pippens (plé | dréachtaí) ainm briathartha |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 1:
Tugtar '''gráisciúlacht''' ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu le cúrsaí na [[Collaíocht|collaíochta]], agus iad á seachaint i gcaint mhúinte. Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil ar an gcuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor. Sampla samhlachúil de seo is ea
Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal ''feisigh'' inniu ná ''feisigh leat'', is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat, croch leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd ''fuck off'' a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: ''focáil leat'', ach is amhlaidh go bhfuil sin ciotach freisin. De ghnáth san am atá thart, áfach, ní dheachaigh lucht na Gaeilge i muinín na gráisciúlachta le mallacht a chur ar dhaoine, ach i dteilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le ''spréadh ort'' (leagan Ultach den ''spré'', is é sin, [[ainm briathartha]] den bhriathar ''spréigh'' atá ann), nó, go díreach, ''mallacht ort''. D'fhéadfaí ''droch-chríoch ort'' a rá freisin.
|