An difríocht idir athruithe ar: "Bulla- agus béarmhargadh"

Content deleted Content added
YiFeiBot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 langlinks, now provided by Wikidata on d:q1004322
mNo edit summary
Líne 8:
 
== Béarmhargadh ==
Is éard is '''béarmhargadh''' ann ná margadh ina bhfuil praghsanna na scaireanna nó na dtráchtearraí ag titim. Tugtar ''"béar"'' ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbéarmhargadh. Téarma [[Béarla]] is ea é an focal sin "béarmhargadh" a haistríodh focal ar fhocal go Gaeilge. ''Aonach briosc'' an téarma dúchasach, ach dealraíonn sé nach bhfuair na téarmadóirí an leagan seo sách soiléir le stádas oifigiúil a bhronnadh air. Téarma traidisiúnta de chuid na n-aontaí beostoic é.
 
Ar an mbéarmhargadh, tá gach infheisteoir ag dul in éadóchas faoin todhchaí, agus é ag iarraidh fáil réitithe dá chuid scaireanna ar phraghas chomh buntáisteach agus is féidir, sula gcaillfidh siad a bhfuil fágtha den luach iontu. Dá thoradh sin, leathfaidh an dearcadh duairc ar fud an mhargaidh, agus sa deireadh, is féidir go n-iompóidh an béarmhargadh ina chliseadh mhór agus na hinfheisteoirí ag iompairc le chéile ag iarraidh na scaireanna a dhíol uathu.