An difríocht idir athruithe ar: "An Rúisis"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 13:
|iso3=rus
}}
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] [[Teangacha Slavacha|Shlavach]] is ea í an '''Rúisis''' (''русский язык''; {{AIF|['ru.skʲi jɪ.'zɨk]}}) a bhfuil níos mó cainteoirí aici ná ag aon teanga eile san [[An Eoraip|Eoraip]].
 
== Áit na Rúisise i measc theangacha an domhain ==
 
Ceann de na [[na teangacha Ind-Eorpacha|teangacha Ind-Eorpacha]] is ea í an Rúisis, agus mar sin tá gaol aici leis an t[[An tSanscrait|Sanscrait]], leis an n[[An Ghréigis|Gréigis]] agus leis an [[An Laidin|Laidin]], chomh maith leis na teangacha nua-aimseartha [[Gearmáinic]]e, [[Teangacha Rómánsacha|Rómánsacha]] agus [[Teangacha Ceilteacha|Ceilteacha]], an [[An Béarla|Béarla]], an [[An Fhraincis|Fhraincis]] agus an [[An Ghaeilge|Ghaeilge]] san áireamh. Dearbhaítear go bhfuil samplaí scriofa ann ón [[10ú haois]] ar aghaidh.
 
== Stádas na Rúisise ==
Líne 71:
Glactar leis go bhfuil an Rúisis ar theangacha móra cultúrtha an domhain, a bhuí leis an traidisiún millteanach scríbhneoireachta a bhaineann léi. An té a chromfaidh ar an teanga seo a fhoghlaim, ní rachaidh sé choíche in anás lón léitheoireachta.
 
Is gnách glacadh leis gurb í [[an Laoi faoi Fheachtas Igor]] (''Слово о Полку Игореве/Slovo o Polku Igoreve'') an saothar liteartha is sine atá ar fáil i dteanga ar féidir Rúisis a thabhairt uirthi. Scéal eile go hiomlán é go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta á saothrú go coitianta mar theanga liteartha san am céanna sa Rúis, ar ndóigh. Dán fada eipiciúil is ea í an Laoi seo, agus í ag tabhairt cur síos ar na heachtraí a ndeachaigh an laoch Igor agus a chuid fear tríothu nuair a bhí siad ag cur cogaidh ar na ''Polovtsy''. Is í an treibh atá i gceist leis na Polovtsy - ciallaíonn an focal Rúisise "muintir an mhachaire mhóir" - ná na [[Cúmánaigh]], treibh Thuirceach a raibh cónaí uirthi i nDeisceart na Rúise sa dóú haois déag. Tá an Chríostaíocht agus an Phágánacht shean-Slavach measctha trí chéile sa laoi, agus cur síos dúisitheach inti ar nádúr na Rúise agus ar an dóigh a gcuireann fórsaí an nádúir cor i gcinniúint an duine.
 
Sa seachtú haois déag, scríobh [[Avvakum Petrov]], ard-sagart Ceartchreidmheach nach raibh sásta leis na leasuithe eaglasta a bhí á gcur i gcrích san am céanna, sraith leabhar faoi ábhar eaglasta agus reiligiúnda, chomh maith le scéal a bheatha féin. Go bunúsach, paimfléid pholaitiúla ab ea iad na leabhair seo agus iad ceaptha mar bholscaireacht i gcoimhlint inmheánach na heaglaise. Scríobh sé na leabhair seo i gcaint na ndaoine - Rúisis - cé go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta go paiteanta aige. Tá teanga nádúrtha, chumhachtach aige, go háirithe nuair a bhíonn sé ag caitheamh anuas ar a chuid naimhde. Chuir na húdaráis chun báis é sa deireadh, ach mar sin féin, rinne sé cion fir le litríocht na Rúisise a fhorbairt - i nganfhios dó féin.
 
Sna sálaí ag an Impire Peadar Mór, agus na hiarrachtaí a bhí ar siúl aige leis an Rúis a thabhairt chun Iartharachais agus teanga liteartha shibhialta a dhéanamh den Rúisis, tháinig an chéad ghlúin de scríbhneoirí Rúisise: [[Antioch Kantemir]], [[Vasiliy Trediakovskiy]], [[Mikhail Lomonosov]], agus, ina ndiaidh sin, [[Nikolay Karamzin]].
Líne 85:
=== Ré Órga na Litríochta Rúisise ===
 
Inniu féin, is ábhar spéise don tsaol mhór ar fad iad na clasaicigh a scríobhadh i ré órga na litríochta Rúisise. Áirítear gur thosaigh an ré sin nuair a chuaigh [[Vasily Zhukovsky]] agus [[Alexander Pushkin|Aleksandr Pushkin]] i mbun pinn. Aistritheoir filíochta ab ea é Zhukovsky thar aon rud eile, ach d'éirigh leis stíl agus idéil na rómánsúlachta a thabhairt isteach i litríocht na Rúisise lena chuid aistriúchán. Is minic a mhaireann a leagan féin de dhán coimhthíoch éigin i mbéal an phobail sa Rúis, agus an buntéacs ligthe i ndearmad le fada sa tír inar scríobhadh an chéad uair é.
 
Maidir le Pushkin, is eisean file náisiúnta na Rúise thar aon fhile eile. Chruthaigh sé stíl éasca nádúrtha atá an-chosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh eisean, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach b'iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis. Chríochnaigh sé úrscéal stairiúil amháin i stíl [[Walter Scott]], mar atá, ''Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka'' ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt ghearrscéalta.
 
File tábhachtach eile sa chéad leath den naoú haois déag ab ea é [[Mikhail Lermontov]]. Saighdiúir a bhí ann a throid sna cogaí a chuir an Rúis i gCugas leis na treibheacha áitiúla a chur faoi chois. As na heachtraí sin a fáisceadh rogha a chuid filíochta. Scríobh sé úrscéal freisin, mar atá, ''Герой нашего времени/Geroy nashego vremeni'' ("Laoch ár Linne"), a bhí suite i Sléibhte Chugais.
 
B'é [[Fyodor Tyutchev]] an tríú mórfhile rómánsúil sa Rúis. Saolaíodh i dtús na naoú haoise déag é chomh maith le Lermontov, ach bhí sé réasúnta fadsaolach, nó ní bhfuair sé bás sula raibh sé beagnach seachtó bliain d'aois. D'éag Pushkin agus Lermontov sula raibh an dá scór bliain slánaithe acu, agus cailleadh an bheirt acu i gcomrac aonair. Má bhí claonadh áirithe chun ceannairce agus réabhlóide - sa chiall mheafarach, ar a laghad - i bPushkin agus i Lermontov, bhí Tyutchev ina thaidhleoir i seirbhís an Impire, agus dearcadh coimeádach aige. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol taobh amuigh den Rúis, agus phós sé mná coimhthíocha nach raibh focal Rúisise ina bpluc. Bhí an Fhraincis ní ba líofa aige féin ná an Rúisis, ach theastaigh uaidh friotal a lorg sa theanga dhúchasach dá chuid smaointí meitifisiciúla, agus b'í an fhilíocht an friotal ab fhearr a thiocfadh leis. Ní raibh mórán measa aige féin ar a chuid dánta, agus níor cuireadh suim cheart iontu sula raibh an file tar éis bháis.
 
B'iad na scríbhneoirí próis, áfach, ba mhó a thabhaigh a clú do litríocht chlasaiceach na Rúise ar an gcoigríoch, ós rud é go mbíonn sé deacair filíocht a aistriú. B'é [[Nikolay Gogol]] an chéad scríbhneoir den chineál sin, agus mhair sé sa chéad leath den naoú haois déag freisin. Úcráineach a bhí ann go bunúsach, ach b'í an Rúisis teanga a chuid saothar. Níor mhothaigh sé é féin riamh ar a shuaimhneas i gCathair Pheadair, agus scríobh sé gearrscéalta faoi shaol na cathrach a raibh an-sceimhle ag baint leo. Bhí sé den bharúil gur áit uafásach ab ea í Cathair Pheadair, áit neamhshaolta fiú. Bhí néaróisí agus siabhráin éagsúla ag luí air, agus saoldearcadh frithghníomhach reiligiúnda aige. Is iad na saothair is clúití dár scríobh sé ná an t-úrscéal ''Мертвые души/Mertvye dushi'' ("Anamacha Marbha") agus an dráma ''Ревизор/Revizor'' ("An Cigire").
 
Is léir nach féidir gan [[Fyodor Dostoyevsky]] a lua sa choimhthéacs seo. Rugadh Dostoyevsky sa bhliain 1821 i Moscó, ach mar is léir óna shloinne, bhí sinsir Pholannacha aige. Cibé faoi sin, bhí sé ina Rúiseach go smior. Nuair a bhí sé óg, bhí sé ina radacach Sóisialach, ach ansin, fuair seirbhísí slándála an Impire amach faoin ngrúpa a raibh sé ina bhall de, agus caitheadh gach mac máthar acu i dtóin phríosúin. Tugadh le fios dóibh go raibh pionós an bháis gearrtha orthu, agus ceanglaíodh iad le hiad a lámhach, ach ansin, fuair siad le cloisteáil nach raibh siad le cur chun báis, ach le díbirt go dtí an tSibéir. Chaith Dostoyevsky naoi mbliana thall ansin, go dtí go bhfuair sé cead filleadh abhaile. Roimh an díbirt, bhí úrscéal amháin foilsithe aige, mar atá, ''Bednye lyudi'' ("Daoine bochta"), a raibh blas an radacachais shóisialta air. I ndiaidh na díbeartha, áfach, bhí Dostoyevsky iompaithe ina fhrithghníomhach, agus é ag tabhairt urraime don choimeádachas reiligiúnda. Sin é an dearcadh a d'fhág a lorg ar an gcuid eile dár scríobh sé, na húrscéalta móra cosúil le ''Zapiski iz mertvogo doma'' ("Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh"), ''Unizhennye i oskorblennye'' ("Daoine faoi leatrom is faoi tharcaisne"), ''Idiot'' ("An tAmadán"), ''Prestuplenie i nakazanie'' ("An Choir is an Pionós"), ''Besy'' ("Na Diabhail"), agus ''Brat'ya Karamazovy'' ("Deartháracha Karamazov").