An difríocht idir athruithe ar: "Cumann na nGaedheal"

Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Páirtí polaitiúil ab ea é '''Cumann na nGaedheal''' ('''Cumann na nGael''' a bheadh ann de réir litriú an lae inniu) a bhí ag obair ón mbliain [[1923]] go dtí an bhliain [[1933]]. B'é ba bhunús leis an bpáirtí ná an chuid de [[Shinn Féin|Sinn Féin]] a bhí sásta glacadh leis an g[[Conradh Angla-Éireannach]], faoi [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Ó Coileáin]]. Bhí sé i gcumhacht sna blianta [[1923]] go [[1932]], ar dtús mar rialtas sealadach agus ansin mar rialtas tofa, go dtí gur chaill siad toghchán na bliana 1932 d'[[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]]. Chomhcheangail siad leis an [[Lár-Pháirtí Náisiúnta]] agus le Lucht na [[Léinte Gorma]] chun [[Fine Gael]] a bhunú i Meán Fómhair 1933.
 
== Roimh an gConradh ==
Líne 27:
D'éirigh go dona le Cumann na nGaedheal san olltoghchán a bhí ann i Mí an Mheithimh, 1927. Thit an méid suíochán a bhí acu ó 63 cinn (39% den iomlán) go 47 gcinn (27% den iomlán), ach bhí siad ábalta fanacht i gceann na tíre toisc gur dhiúltaigh Fianna Fáil a suíocháin a líonadh de dheasca na mionn dílseachta a chaithfeadh na Teachtaí Dála a mhóidiú do Rí Shasana. Nuair a feallmharaíodh Caoimhín Ó hUiginn, dhearc an páirtí air mar fheillbheart mór. B'iad na [[Poblachtánachas in Éirinn|Poblachtánaigh]] a mharaigh an tUiginneach agus é ar a shlí abhaile ón [[Aifreann]] go luath tar éis an toghcháin. Mar fhreagra ar an ngníomh sin, reachtaíodh an tAcht um Shlándáil Phoiblí a chuir tús le pionós an bháis sa Saorstát. Thairis sin, chuir siad Acht eile i bhfeidhm a bhain na cearta ionadaíochta d'aon [[Teachta Dála]] nach dtabharfadh an [[Mionn Dílseachta]]. Mar sin, ní raibh de rogha ag na Poblachtánaigh ach a suíocháin a ghlacadh sa Dáil. Bhí freasúra ceart ag an Rialtas don chéad uair riamh.
 
Ón am sin ar aghaidh, bhí meath ag teacht ar an bpáirtí, agus cuid mhór den tacaíocht ag dul go [[Fianna Fáil]], an páirtí nua a bhunaigh Eamon de Valera tar éis scoilt eile a theacht ar Shinn Féin. I súile an pobal, bhí Cumann na nGaedheal róthógtha leis an gConradh agus ró-ghafa le cúram na slándála pobail. Bhí sé mar pholasaí airgeadais acu freisin treisiú leis an tsaorthrádáil. Ag an am céanna, bhí Fianna Fáil ag moladh polasaí caomhnaitheach eacnamaíochta. Buile mór ab ea é an Spealadh Mór do rialtas Chumann na nGaedhael freisin, agus bhuaigh Fianna Fáil orthu i dtoghchán na bliana 1932. Ní bhfuair siad ach 57 suíochán, i gcoinne an 72 cheann a bhí ag Fianna Fáil.
 
== Cónascadh ==