[[iomáint|Iománaí]] [[Éire]]annach ab ea é '''Pádraig Ó Faoláin''', nó '''Paddy Phelan''' as [[Béarla]]. Bhain sé rath amach ina leathchúlaí leis na foirne [[Tulach Ruáin]] agus [[CLG Coiste Contae Cill Chainnigh|Cill Chainnigh]] sna [[1930í]]. Bhí sé sna foirne a bhuaigh [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann]] sna blianta [[1932]], [[1933]], [[1935]] agus [[1939]]. Mar aitheantas ar an méid a rinne sé ina iománaí, roghnaíodh é ina leathchúlaí ar Fhoireann Iománaíocht na hAoise sa bhliain [[2000]].
B'iománaí clúiteach é a gharnia [[D. S. Ó Ciara]] chomh maith.