An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 12:
| síniú = CS_Lewis_Signature.svg
}}
Scríbhneoir ó [[Tuaisceart na hÉireann|Thuaisceart na hÉireann]] ab ea é '''Clive Staples Lewis'''. B'eisean a scríobh na húrscéalta faoi Narnia agus an tríológ spáis faoi [[Mars (pláinéad)|Malacandra]], [[Véineas (pláinéad)|Perelandra]] agus [[An Domhan|Thulcandra]], is é sin, ''Out of the Silent Planet'', ''Perelandra'', agus ''That Hideous Strength''. Rugadh i m[[Béal Feirste]] [[29 Samhain|29 Mí na Samhna]] [[1898]] é, agus fuair sé bás [[22 Samhain|22 Mí na Samhna]] [[1963]]. Bhí sé ina bhall de na h''Inklings'', club comhchaidrimh do lucht litríochta in Oxford, agus aithne aige ar [[J. R. R. Tolkien]].
 
== A Shaol ==
Líne 68:
''Samhlaigh duit mé i m'aonar, thuas sa seomra sin i Magdalen, oíche i ndiaidh oíche, agus mé ag mothú, gach soicind a n-ardóinn súile m'intinne de mo chuid oibre, go raibh Sé ag druidim isteach chugam go maorga malltriallach, Sé féin, a bhí mé ar theann mo dhichill a sheachaint. É féin a chuir an oiread sin eagla orm, tháinig Sé anuas orm sa deireadh thiar. I dTéarma na Tríonóide sa bhliain [[1929]], ghéill mé Dó, agus d'admhaigh mé gurbh é Dia Dia, agus thit mé síos ar mo ghlúine, le m'urnaí a dhéanamh b'fhéidir, agus mise ar an iompaitheach ba thruamhéilí, ba dhrogallaí amuigh, b'fhéidir.''
 
Roimh an iompú, bhí tamall fada caite ag Lewis ag spaisteoireacht agus ag comhrá lena chairde Tolkien agus Hugo Dyson. Nuair a bhí sé iompaithe, chuaigh Lewis in Eaglais Shasana, is é sin, san Eaglais Anglacánach, rud a ghoill ar a chara Tolkien, ós rud é go raibh sé féin ina Chaitliceach, agus é ag dréim go rachadh a chara leis an gcreideamh áirithe sin. Caitliceach ab ea é Chesterton freisin, dála an scéil.
 
Cé go raibh sé ina Anglacánach, bhí Lewis sách cóngarach don Eaglais Chaitliceach ina chreideamh, ní ba chóngaraí, fiú, ná don traidisiún Phrotastúnach. Mar shampla, ghlac sé le foirceadal Caitliceach an [[Peaca marfach|pheaca mharfaigh]], is é sin, chreid sé gur féidir don Chríostaí peaca chomh tromchúiseach a dhéanamh is go gcaillfidh sé slánú a anama a bhí aige roimhe sin - rud nach bhfuil ag teacht go rómhaith leis an dearcadh atá ag an bProtastúnach ar an [[saoradh ó chion]] mar choincheap diagachta.