An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga Uladh"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 5:
== Tús a Staire ==
 
Bunaíodh Constáblacht Ríoga Uladh ([[Béarla]]: ''Royal Ulster Constabulary'', giorrúchán: RUC) go hoifigiúil ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1922]]. B'iad na Foirgnimh Atlantacha i m[[Béal Feirste]] ceanncheathrú an fhórsa nua póilíneachta, agus b'é Charles Wickham an chéad Chigire Ginearálta. Bhí an chonstáblacht an-chosúil le [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]], agus an dá phríomhdhualgas céanna uirthi, mar atá, an dlí a chur i bhfeidhm agus an ''status quo'' polaitiúil a chosaint. Ar nós Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, chaitheadh "saighdiúirí dubha" an fhórsa nua sainéide dhubhuaine, difriúil ar fad le cultacha dúghorma na bpóilíní Sasanacha agus an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Difríocht eile ab ea é go raibh na constáblaí Ultacha ag iompar arm tine leo.
 
A thúisce is a tháinig an chonstáblacht nua ar an bhfód, chuaigh sí ag obair i mBéal Feirste agus i [[Doire|nDoire]] leis na ciréibeacha agus na dúnmharuithe seicteacha a stopadh. Díreach nuair a bhí Tuaisceart na hÉireann ag dul trína phianta breithe, thabhaigh Cigire Ceantair de chuid na Constáblachta dar shloinne Nixon míchlú dó féin ó na Caitlicigh a bhí suite siúráilte go raibh sé ag glacadh páirte sna dúnmharuithe seicteacha. Níor gearradh pionós ar bith dó riamh, áfach, agus uair amháin, chuir sé féin dlí an leabhail ar dhuine acu siúd a bhí ag scaipeadh na ráflaí faoina pháirtíocht leis na dúnmharfóirí. Ní ba déanaí, chuaigh sé le polaitíocht ina Fheisire Aontachtach Neamhspleách.