An difríocht idir athruithe ar: "Pápa Eoin Pól I"
Content deleted Content added
m Removing Link FA template (handled by wikidata) |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 16:
Bhí an '''Pápa Eoin Pól I''' ina [[Pápa|phápa]] ar feadh 33 lá ón 26 Lúnasa go dtí an 28 Meán Fómhair sa bhliain 1978 sula bhfuair sé bás tobann.
Rugadh sé do theaghlach cosmhuintire i gCanale d'Agordo i dtuaisceart na [[An Iodáil|hIodáile]] i 1912 faoin ainm Albino Luciani. Bhí ar a athair, Giovanni Luciani tréimhsí fada a fanacht as baile le dul ar lorg oibre. Ba sóisialach é an t-athair, ach ba Caitliceach cráifeach í máthair na clainne. Chuaigh Albino le sagartóireacht. hOirníodh ina shagart é sa bhliain 1935 agus bhain sé amach dochtúireacht ó Ollscoil Ghréagórach na Róimhe. Ina dhiaidh sin, chaith sé na blianta fada ina Ollamh le Diagacht i gcliarscoil Belluno. Bhí sé fós ag múineadh ansin nuair a bhí an dochtúireacht á déanamh aige, agus is é an breithiúnas a tugadh ar a dhochtúireacht ná ''magna cum laude''. B'é ab ábhar don dochtúireacht ná "bunús an anama de réir Antonio Rosmini" - fealsamh Iodálach ab ea
Bhí roinnt postanna aige mar riarthóir eaglaise sula ndearnadh Easpag Vittorio Veneto de. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Phatrarc ar Venezia agus ina Chairdinéal.
|