An difríocht idir athruithe ar: "Aino"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 1:
Carachtar tábhachtach in eipic náisiúnta na Fionlainne, [[Kalevala]], is ea í '''Aino'''. Cailín óg álainn í, agus is deartháir di an laoch óg Joukahainen. Nuair a casadh Väinämöinen, an seandraoi, ar Joukahainen ar an mbealach mór, ní raibh ceachtar den bheirt sásta an tslí a ghéilleadh don fhear eile, agus sa deireadh, thosaigh siad ag canadh amhráin draíochta agus orthaí i gcomórtas le chéile. Sa deireadh, fuair Joukahainen é féin sáite istigh i bpoll portaigh ag an gcumhacht a bhí i gcuid amhránaíochta an tseanfhir. Le teacht slán as an gcruachás seo, gheall sé a dheirfiúr do Väinämöinen mar bhean chéile. Thaitin an smaoineamh go mór le máthair Aino, nó bhí sí barúlach gur fear mór tábhachtach ab ea é Väinämöinen, agus go mbeadh sé onórach aici an cailín a phósadh ar a leithéid de ghróintín. Níor aontaigh Aino léi, nó b'fhearr léi í féin a bhá ná seanfhear a phósadh. Rinne Väinämöinen iarracht í a tharrtháil, ach in áit an chailín, ní bhfuair sé ach iasc. Nuair a d'fhéach sé leis an mbreac a mharú, d'éalaigh sé uaidh. Aino a bhí ann, i gclí an éisc.
 
Níltear cinnte, an raibh an t-ainm sin ''Aino'' ann ar aon nós sa bhéaloideas. Creideann go leor saineolaithe nach bhfuil ann ach athfhoirm fhileata den fhocal Fionlainnise ''ainoa'' a chiallaíonn "an t-aon cheann amháin". Mar sin, is dócha nárbh é "mo dheirfiúr Aino" a bhí i gceist ag Joukahainen ach "an t-aon deirfiúr amháin atá agam", agus gurbh é Elias Lönnrot, eagarthóir na heipice, an chéad duine a bhain ciall an ainm as an bhfocal.