An difríocht idir athruithe ar: "An Mháltais"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 16:
Is í an '''Mháltais''' an teanga a labhraíonn muintir dhúchasach Mhálta. Go bunúsach, canúint Araibise a bhí ann ó thús, agus í cosúil le canúintí Araibise Iarthuaisceart na hAfraice, ach ó tharla gur chaill an t-oileán an ceangal cultúrtha agus reiligiúnda leis an saol Arabach, chuaigh an chanúint áitiúil a bealach féin. Tháinig na mílte focal iasachta isteach ón tSicilis, ón Iodáilis agus ón mBéarla, agus chuir siad athrú cosúlachta ar an teanga go hiomlán. Inniu, tá an Mháltais chomh breac le focail iasachta is gur féidir leis an Iodálach cuid mhaith céille a bhaint aisti, siúd is nach dtuigeann sé an chuid is bunúsaí den teanga.
 
Is í an Mháltais an t-aon teanga dhúchasach [[Teangacha Afráiseacha|Afráiseach]] amháin a labhraítear san Eoraip, agus is í an t-aon teanga Shéimíteach amháin a bhaineann úsáid as an aibítir Laidineach. Ní raibh ann, thar na céadta bliain, ach canúint labhartha, nó ba rogha leis na daoine a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh as Araibis, as Iodáilis nó as Béarla. Níor caighdeánaíodh í ach i dtús na fíchiú haoise. Rinneadh teanga oifigiúil di, in áit na hIodáilise, sa bhliain 1936, nuair a bhí muintir an oileáin ag éirí buartha faoi Fhaisisteachas na hIodáile. Bhí an deachtóir [[Benito Mussolini]] den bharúil gur Iodálaigh ab ea iad muintir Mhálta, agus theastaigh uathusan a thaispeáint nárbh ea in aon chor.
 
Tá cuid mhór de ghramadach na Máltaise bunaithe ar chóras na dtamhan tríchonsanach i gcónaí, cosúil leis an Araibis. Féach an dóigh a réimnítear an briathar úd ''qatel'', "mharaigh sé", cuir i gcás: