An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha"

m
no edit summary
m
B'é '''Páirtí na Sóisialaithe Réabhlóideacha''' ([[Rúisis]]:''Партия социалистов-революционеров/Partiya Sotsialistov-Revolyutsionerov'') an ceann ba tábhachtaí de pháirtithe na heite clé in [[Impireacht na Rúise]] roimh chaithréim na mBoilséiveach. Bunaíodh an páirtí sa bhliain [[1902]], ach roimhe sin féin, bhí grúpaí áitiúla ar fud [[An Rúis|na Rúise]] a dtugadh "na Sóisialaithe Réabhlóideacha" orthu féin. Bhí fréamha na ngrúpaí seo i ngluaiseachtaí tuathghríosóireachta na naoú haoise déag, agus iad ag iarraidh scológa bochta na Rúise a spreagadh chun ceannairce.
 
Cé gur páirtí [[Sóisialachas|Sóisialach]] ab ea iad na Sóisialaithe Réabhlóideacha, níor chreid siad sa [[Karl Marx|Mharxachas]]. Is é an tuiscint a bhí ag Karl Marx ar an réabhlóid shóisialach gurbh é an lucht oibre, an phrólatáireacht thionsclaíoch, a chuirfeadh i gcrích í. Ní raibh idé-eolaithe na Sóisialaithe Réabhlóideacha ar aon tuairim leis, a fhad agus a bhí an Rúis i gceist. Ní raibh an oiread sin tionsclaíochta sa Rúis, a d'áitigh siad, nó ba tír curadóireachta agus talmhaíochta í thar aon rud eile. Mar sin, b'iad scológa bochta na tuaithe an aicme réabhlóideach, dar leo. Bhí siad ag féachaint le tacaíocht na scológ a fháil, agus d'éirigh leo réasúnta maith.
 
Níor dhruid siad siar ón sceimhlitheoireacht ach oiread. Mharaigh sceimhlitheoirí Sóisialacha Réabhlóideacha a lán státseirbhíseach ard, agus, fiú, beirt Airí Gnóthaí Inmheánacha.
5,690

edits