An difríocht idir athruithe ar: "Páirc Uí Rinn"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
mNo edit summary
Líne 13:
|tionóntaí =
}}
Is staid spóirt éí '''Páirc Uí Rinn''' atá suite i m[[Baile an Teampaill]], bruachbhaile in oirthear [[Corcaigh|Chathair Chorcaí]].
 
== Stair ==
Ba é Flower Lodge ab ea an t-ainm bunaidh a bhí ar Pháirc Uí Rinn a bhí ina pháirc sacair ar imir roinnt maith foirne Chorcaí ón tosach den 20ú chéad. Go h-áirithe, bhí aghaidh na ndaoine ar Cork Hibernians', a d’éirigh go geal leis sna seascaidí agus na seachtóidí. Bhíodh an 'Lodge' go tráthrialta plódaithe, go speisialta nuair a d’imir Hibs i gcoinne Cork Celtic, foireann eile as an cathair; briseadh ina gnó iad araon i 1977 agus 1979 faoi seach. Tháinig ionadúchán i 1984 nuair a thosaigh [[Cork City F.C.]] ag imirt ag Flower Lodge arís ach bhí orthu aistriú go Turner’s Cross i 1986 nuair a dhíol an Ancient Order of Hibernians, an t-úinéir, Flower Lodge do [[Cumann Luthchleas Gael]].
 
== Athchóiriú ==
Thug an [[CLG]] an t-ainm nua Páirc Uí Rinn ar an staid i gcuimhne [[Christy Ring|Christóir Uí Rinn]], an iománaí cáiliúil a d’imir le [[CLG Coiste Contae Chorcaí|Corcaigh]] agus [[Fánaithe an Ghleanna]], agus an iománaí is fearr dá raibh riamh ann. Is éí Páirc Uí Rinn an dara staid is mó i gCathair Chorcaí, tar éis [[Páirc Uí Chaoimh]], agus toilleadh 18,000 air. Nuair a cheannaigh an CLG an staid, bhí air na h-ardáin taobh thiar gach cuaille báire a leagan chun fad a chur leis an páirc féin mar is riachtanach do chluichí gaelach. Tá plean ann an toilleamh a mhéadú trí fadú an príomhardán agus ardáin seasaimh a chur isteach taobh thiar na cuaille báire. Ba éí Páirc Uí Rinn an chéad staid CLG in Éirinn a bhfuair tuilsoilse.
 
{{síol}}