An difríocht idir athruithe ar: "Cathair na Vatacáine"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 44:
|fonótaí=}}
 
Is í '''Cathair na Vatacáine''', nó '''Stát Chathair na Vatacáine''' ([[Iodáilis]]: ''Stato della Città del Vaticano'', [[Laidin]]: ''Status Civitatis Vaticanae'') lárionad na hEaglaiseh[[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglaise Caitlicí]] sa domhan, agus í suite taobh istigh den [[An Róimh|Róimh]], príomhchathair na h[[An Iodáil|Iodáile]]. Is féidir '''an Vatacáin''' a thabhairt uirthi as [[Gaeilge]] freisin.
 
Is í an Vatacáin an stát is lú sa [[An Domhan|Domhan]] de réir an daonra agus an achair. Tháinig an Vatacáin ar an bhfód mar atá sí inniu, nuair a shínigh [[Benito Mussolini]] agus an [[Pápa Pius XII]] [[Conradh na Lataráine]] sa bhliain 1929.
Líne 50:
Is gá an Vatacáin féin a aithint thar an Suí Naofa, nó is follasach go raibh an Suí Naofa ann, mar choincheap, i bhfad sular bunaíodh Stát na Vatacáine. Foilsítear fógráin oifigiúla na Vatacáine féin as Iodáilis, ach is í an Laidin bunteanga na gcaipéisí a eisíonn an Suí. Thairis sin, ní hionann pasanna na Vatacáine agus pasanna an tSuí Naofa. Ní stát é an Suí Naofa féin, agus mar sin, ní féidir leis ach pasanna dioplómatúla agus pasanna seirbhíse a eisiúint, ach bíonn an Vatacáin féin ag eisiúint gnáthphasanna.
 
Roimh lá na Vatacáine, bhí a leithéid de rud ann agus Stáit an Phápa. Is éard a bhí i gceist le Stáit an Phápa ná an stát eaglasta a bhí ann sna blianta [[756]]-[[1870]], agus é ag cuimsiú lár na hIodáile go léir. Tháinig deireadh leis na Stáit seo de thoradh an [[Risorgimento]], is é sin, leis na cogaí a cuireadh sa naoú haois déag leis an Iodáil go léir a aontú. Nuair a shínigh Pius agus Mussolini Conradh na Lataráine, shainigh siad nárbh é athbhunú Stáit an Phápa a bhí i gceist, ach stát nua ar fad.
 
[[Íomhá:Place-Saint-Pierre-foule.jpg|thumb|left|280px|Plás Pheadair - Cathair na Vatacáine]]
Líne 58:
Seanainm é ainm na Vatacáine, agus é ag dul siar go dtí na blianta réamh-Chríostaí: ''Mons Vaticanus'' an leagan Laidine, nó Cnoc na Vatacáine. Cuid de shean-Chnoc na Vatacáine iad críocha an Stáit, chomh maith leis na Machairí Vatacánacha in aice leis an gCnoc. B'ansin a tógadh Baisleac Pheadair, an Séipéal Sistíneach, an Pálás Aspalda agus na hiarsmalanna, chomh maith le foirgnimh áirithe eile. Go dtí an bhliain 1929, bhain na tailte seo le barda Borgo.
 
Tá cuid d'fhoirgnimh an tSuí Naofa suite taobh amuigh den Vatacáin, go háirithe [[Castel Gandolfo]], áitreabh samhraidh an Phápa, chomh maith le baisleaca áirithe. Tá cearta eistíre ag údaráis na Vatacáine sna tailte seo, agus iad á bpóilíniú ag gníomhairí Vatacánacha.
 
== Naisc Sheachtracha ==
Líne 70:
 
[[Catagóir:Cathair na Vatacáine| ]]
[[Catagóir:Eaglais Chaitliceach Rómhánach|V]]