An difríocht idir athruithe ar: "Rialtas na hÉireann"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) m Bhog MacCambridge an leathanach Rialtais na hÉireann go Rialtas na hÉireann |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Stamp-Irl 1922 5shilling rialtas overprint.jpg|mion|333x333px|5 scilling, 1922]]
De réir [[Bunreacht na hÉireann]], is gá le níos mó ná 7 mball agus gan níos mó ná 15 ball a bheith i '''Rialtas na hÉireann'''. Is grúpa [[Aire Rialtas|Airí]] sinsearacha é an [[Rialtas]] atá freagrach as cumhacht fheidhmeannach an Stáit. Cialaíonn sé seo go gcaithfidh an Rialtas [[dlí|dlíthe]] na tíre a chur i bhfeidhm. Déanann an Rialtas cinneadh maidir le polasaithe agus bíonn freagrachtaí tábhachtacha eile orthu freisin. Tagann an Rialtas le chéile agus feidhmíonn sé mar údarás aontaithe agus tá chomhfhreagracht ar na baill i dtaobh ranna uilig an Stáit. Úsáidtear an téarma "[[Comh-aireacht]]" nó "[[Coiste Gnóthaí]]" anois agus aríst nuair a bhíonn an Rialtas i gceist. Is faoi rún a dhéantar plé ar ábhair ag cruinnithe den chomh-aireacht. Bíonn an Rialtas aontaithe ar pholasaithe agus ní mór do na hairí ar fad tacaíocht phoiblí a thabhairt do na polasaithe agus na cinnithe móra atá ag an Rialtas.
Tá an [[Taoiseach]] i gceannas an Rialtais. Is é an té a fhaigheann tacaíocht ó thromlach na mball sa [[Dáil Éireann|Dáil]] an Taoiseach. Cuireann an Dáil a hainm nó a ainm ar aghaidh agus glacann an [[Uachtarán na hÉireann|tUachtarán]] go
Is féidir leis an Taoiseach Airí Stáit a roghnú freisin, ainm eile a thugtar orthu ná Airí Sóisearacha. Ní baill den chomh-aireacht iad ach cuidíonn siad leis na hAirí Rialtais ina gcuid oibre Rialtais agus ina gcuid oibre sa Roinn atá faoina gcúram. Roghnaíonn an Taoiseach [[Ard-Aighne na hÉireann|Ard-Aighne]], freisin, chun comhairle dlí a chuir ar fáil don Rialtas. Ní ball den Rialtas An tArd-Aighne ach de réir traidisiún déanann sé/sí freastal ar chruinnithe den chomh-aireacht.
De réir Bhunreacht na hÉireann, tá an Rialtas freagrach do Dháil Éireann. Mar sin bíonn an Rialtas in oifig an fhad agus atá tacaíocht tromlach na dteachtaí i nDáil Éireann aige. Má chailleann an Taoiseach tacaíocht tromlach na Dála, ní mór dó/dí éirí as a p(h)ost nó iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a lánscoir. D'fhéadfadh sé seo tarlú i gcás comhrialtais nach mbeadh in ann comhoibriú lena chéile a thuilleadh. Má dhéantar an Dáil a lánscoir,
{{Síol}}
|