An difríocht idir athruithe ar: "Séamus Ó Grianna"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Ogrianna.jpg|thumb|Ceann de na leabhartha ba cháiliúla a scríobhadh as [[Gaeilge]] riamh, mar atá, ''Cith Is Dealán''. Dúirt [[Niall Ó Dónaill]] gurbh é "an leabhar ba ghreannmhaire" dár tháinig ó pheann "Mháire".]]
[[Scríbhneoir]] [[Gaeilge]] ó [[na Rosa]] i n[[Gaeltacht]] [[Tír Chonaill|Thír Chonaill]] ba ea '''Séamus Ó Grianna''' ([[17 Samhain]] [[1891]] – [[27 Samhain]] [[1969]]<ref>"Séamus Ó Grianna" ag Ainm.ie, arna rochtain ar 27 Ean. 2016</ref>), nó '''"Máire"'''.
== A mhuintir ==
Ba
== A shaol ==
Rugadh Séamus Ó Grianna i Rann na Feirste (''Rinn'' na Feirste an leagan caighdeánta) sna Rosa sa bhliain 1891. Ina ghearrstócach dó, chaith sé tamall ag sclábhaíocht ar [[an Lagán]] agus in [[Albain]], agus b'ansin a casadh [[náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaithe Éireannacha]] air an chéad uair. Léigh sé dialann phríosúin [[Seán Mistéal|Sheáin Mhistéil]], ceann de scríbhinní canónta an náisiúnachais Éireannaigh, agus chuaigh sé féin leis an náisiúnachas. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé ina náibhí, d'éirigh leis dintiúirí an mhúinteora bunscoile a bhaint amach. Níor chaith sé ach tamall gairid ina mhúinteoir, ó nach raibh an obair ag teacht leis.
[[Íomhá:Therossesmap23.png|clé|mion|Ceantar na Rosa le feiceáil i ndearg]]
Bhí sé páirteach i g[[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann|Cogadh na gCarad]], agus é in aghaidh [[Saorstát Éireann|an tSaorstáit]]. Ní raibh sé ag cur catha go díreach, áfach, nó bhí seisean agus a dheartháir, Seosamh, ag scríobh is ag stáitsiú drámaí beaga bolscaireachta mar chineál ''biblia pauperum'' le muintir na tuaithe a spreagadh chun Poblachtánachais. Tháinig na Saorstátairí ar a lorg go héasca, áfach, agus chaith siad an chuid ab fhearr den chogadh i mbraighdeánas. Tréimhse dhearóil ab ea an phríosúnacht seo i saol Shéamuis Uí Ghrianna, agus níor chaith sé mórán dúthrachta le cur síos a thabhairt uirthi ina chuid scríbhinní.
Líne 19:
Bhí Séamus pósta, murab ionann agus a dheartháir, Seán. Is é an grá leatrom príomhthéama a chuid scríbhneoireachta, rud a cheadaíonn don léitheoir a shíleadh go gcaithfidh sé nach raibh an t-ádh leis agus é ar lorg grá ina fhear óg dó. Nuair a fuair sé é féin in ospidéal agus é an dá scór d'aois cheana, thug sé taithneamh agus teasghrá do bhean óg a bhí ina banaltra ansin, agus b'é dea-dheireadh an scéil sin go ndeachaigh an brat pósta ar an dís acu.
Díol suntais é nach labhraíodh Séamus Ó Grianna focal Gaeilge lena bhean - bhí sise dall ar an teanga cibé scéal é - ná lena chlann, a tógadh i
Ní raibh Séamus ródhóchasach as todhchaí na Gaeilge riamh, agus é ag titim in umar an éadóchais ar fad de réir mar a bhí sé ag druidim le deireadh a shaoil. D'fhág sé iontas, alltacht agus fearg ar lucht na Gaeilge, nuair a chuaigh sé leis an ''[[Language Freedom Movement]]'', brúghrúpa frith-Ghaeilgeoireachta a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh as na scoileanna. Údar marana agus machnaimh do lucht na Gaeilge inniu féin go dtréigfeadh duine de mháistrí móra na Gaeilge an chúis ar dhóigh chomh suarach sin.
Líne 35:
Maidir leis an úrscéal ''Bean Ruadh de Dhálach'', ceann de shaothair dheireanacha an scríbhneora, is féidir a rá go bhfuil sé as an ngnáth ar fad i measc a chuid úrscéalta. Dúirt [[Alan Titley]] ina mhórshaothar faoi na húrscéalta Gaeilge nach bhfuair an ceann seo a cheart riamh, ós rud é nach bhfuil gnáthlochtanna scríbhneoireachta "Mháire" ag baint leis ar aon nós, cé go bhfuil sé ag plé le gnáth-théamaí a chuid saothar, ar nós na himirce go Meiriceá, chinniúint dhosheachanta an duine, agus shaol na Gaeltachta fadó.
Tá cuid mhór de scríbhinní Mháire as cló, agus níl sé furasta teacht orthu. Thairis sin, bhí sé an-mhíshásta leis an gcaighdeán nua, agus ní cheadaíodh sé a chuid leabhar a fhoilsiú ach sa seanlitriú agus sa chló Ghaelach. Mar sin féin, tá, ar a laghad, ''Tairngreacht Mhiseoige'', ''Nuair a Bhí Mé Óg'', ''Saol Corrach'', ''Caisleáin Óir'', agus díolaim dá chuid gearrscéalta (a tháinig i gcló sa bhliain [[1993]] faoin teideal ''Cora na Cinniúna'') ar fáil sa litriú nua. B'é [[Niall Ó Dónaill]] a réitigh na heagráin seo chun cló.
I mbreis air sin, thosaigh [[Nollaig Mac Congail]] ag foilsiú sraith nua, ''Scríbhinní Mháire'', i ndiaidh na bliana [[2000]]. Tá an t-úrscéal úd ''Castar na Daoiní ar a Chéile...'' foilsithe an chéad uair faoi chlúdach leabhair sa chéad imleabhar den tsraith seo. == Litríocht le Séamus Ó Grianna ==
|