An difríocht idir athruithe ar: "An tSionainn"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
 
==Bailte==
[[Íomhá:StJohnsCastleLimerick.jpg|thumb|280px|Caisleán an Rí Eoin agus Droichead Thumhan ar Abhann na Sionnaine i gCathair Luimní]]
Is í [[Luimneach]] (daonra 100,000) an chathair is mó ar bhruach na Sionnainne agus, ag teacht aduaidh óna foinse, is iad Drom Seanbhó, Cara Droma Rúisc, Ruascaigh ([[Contae Liatroma]]), Tearman Barra, Baile an Liag ([[Contae Ros Comáin]]), Cluain Dara ([[Contae an Longfoirt]]), [[Baile Átha Luain|Áth Luain]] ([[Contae na hIarmhí]]), Beannchor ([[Contae Uíbh Fhailí]]), Port Omna ([[Contae na Gaillimhe]]), Baile Uí Bheoláin, Scairbh, Cill Dálua, Droiched Uí Bhriain ([[Contae an Chláir]]), Drom Inbhir ([[Contae Thiobraid Árann]]) agus Caisleán Uí gConaig ([[Contae Luimnigh]]) na príomh-bhailte eile.
 
Ar Bhéal na Sionnainne, tá Eas Géibhtine, Faing agus an Gleann ([[Contae Luimnigh]]) agus Tairbeart agus Béal Átha Longphoirt ([[Contae Chiarraí]]) suite ar an dtaobh theas agus Sionna, Caisleáin an Chláir, Baile na Cailleach, Leaba Síodach, Cill Íomair, Cill Rois agus Carraig an Chabhaltaigh ([[Contae an Chláir]]) ar an mbruach thuaidh.
[[Íomhá:StJohnsCastleLimerick.jpg|thumb|280px|Caisleán an Rí Eoin agus Droichead Thumhan ar Abhann na Sionnaine i gCathair Luimní]]
 
==Calafoirt, Aerfoirt agus Tionscal==
Cuan doimhin atá i mBéal na Sionainne agus ta trí calafoirt ann, an príomhcheann í bhFaing i g[[Contae Luimnigh]], i gcathair [[Luimneach|Luimní]] agus i gCill Rois i g[[Contae an Chláir]]. Ritheann bád farantóireachta trasna Bhéal na Sionnainne idir Thairbeart agus Cill Íomair.
 
[[Íomhá:Calafort_Faing.JPG|thumb|280px|Calafort Faing ar bhruach theas Béal na Sionnainne i gContae Luimnigh]]
Tá [[Aerfort na Sionna]] suite gar do Bhéal na Feargasa, a osclaíodh faoi rialtas [[Seán Lemass|Sheáin Lemass]]. Tógadh baile nua ar a hinbhear freisin, i Rinn Eanna, leis an ainm Baile na [[Sionainn (baile)|Sionna]] faoin rialtas céanna. Roimh oscailt an aerfoirt, ba as Faing a d'eitil báid eitilte trasna an Atlantaigh.