An difríocht idir athruithe ar: "An tSlóvaic"
Content deleted Content added
Breis eagarthóireachta |
Breis eagarthóireachta |
||
Líne 46:
[[Tír]] i lár na [[Eoraip|hEorpa]], gan aon chósta, is ea '''an tSlóvaic''' ([[Slóvaicis]]: ''Slovensko''), nó, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, '''Poblacht na Slóvaice''' ([[Slóvaicis]]: ''Slovenská republika''). Is í [[an Bhratasláiv]] an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Is iad [[Poblacht na Seice]], [[an Ostair]], [[an Ungáir]], [[an Pholainn]] agus [[an Úcráin]] na tíortha a roinneann teorann léi. Tá daonra 5 milliún inti agus is é achar an stáit 49,000 km<sup>2</sup>. Tá an tír ina ball den [[AE]], [[NATO]], [[OECD]], [[WTO]], agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chomh maith.
Tháinig na Slavaigh go dtí críocha na Slóvaice idir an [[5ú haois]] agus an [[6ú haois]]. Bhí
== Stair na Tíre ==
Líne 54:
=== Na Stáit Shlavacha ===
Bhí na Slavaigh ina gcónaí san áit faoin [[5ú haois]]. Bhí oirthear na Slóvaice mar lár ar Impireacht Samo sa [[7ú haois]]. D'fhás stát Slavach, darbh ainm Prionsacht Nitra, san 8ú
===
[[Íomhá:Slovakia Bojnice Castle 2004 hires.jpg|thumb|left|220px|Caisleán Bojnice - [[Bojnice]], An tSlóvaic]]
Tar éis dhínascadh Impreacht Mhór na Moráive ag tús an [[10ú haois]], thosaigh na Maigiaraigh ag forghabháil tailte na Slóvaice agus faoi dheireadh na haoise bhí cuid mhaith d'oirdheisceart na tíre faoi riail Phrionsacht na hUngáire agus ina dhiaidh sin faoi riail Ríocht na hUngáire. Faoi c.1300 bhí cuid mhaith den tír sa ríocht seo. Ar feadh dhá haois i ndiaidh sin bhí féinriail acu faoi Nitra (fós i Ríocht na hUngáire).
Rinne na Mongólaigh ionradh ar an áit sa bhliain [[1241]]. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú suntasach ar an líon daoine mar gheall ar ghorta a tharla ann. Sa bhliain [[1467]], bhunaigh Matthias Corvinus an chéad ollscoil sa Bhratasláiv, ach níor mhair sé.
De bharr fhás na h[[Impireacht Otamánach|Impireachta Otamánaí]] d'aistríoch lár Ríocht na hUngáire go dtí an Bhratasláiv, agus rinneadh í ina príomhchathair de Ríocht na hUngáíre sa bhliain [[1536]]. Lean léi mar phríomhchathair na tíre faoin monarcacht Habsburg go dtí [[1848]].
Líne 66:
I rith réabhlóid [[1848]]-[[1849|49]] thug na Slóvaicigh tacaíocht d'Impire na hOstaire toisc nach raibh siad ag iarraidh a bheith mar chuid den Ungáir. Theip orthu, agus cuireadh iad faoi chois rialtas na hUngáire le blianta ina dhiaidh.
=== An 20ú
Sa bhliain [[1918]], chuaigh an tSlóvaic leis an mBoihéim agus an Moráiv chun tír nua, an tSeicslóvaic, a chruthú. D'ionsaigh rialtas sealadach na hUngáire an tír agus forghabhadh 1/3 den tír.
Agus [[an Dara Chogadh Domhanda]] ar na bacáin, briseadh suas an tír. Bhunaigh na Faisistigh faoina gceannaire, Jozef Tiso, an chéad phoblacht Slóvaicigh, agus d'fhórogair siad a neamhspleáchas ón tSeicslóvaic sa bhliain [[1939]]. Ach ní raibh ann ach rialtas soip a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe. Cuireadh tús le gluaiseacht fhíochmar frithbheartaíocha in aghaidh na Naitsithe, Éirí Amach Náisiúnta na Slóvaicigh in [[1944]]. Tháinig forghabháil fhuilteach, agus cogadh catharach, sna sála air sin. Díbríodh cuid mhaith den phobal Giúdach as an tír agus ba mhar a shlogfadh an talamh iad an tslí inar imigh siad gan tásc ná tuairisc le linn aimsir an [[Uileloscadh|Uileloiscthe.]]
I ndiaidh an Dara Chogadh Domhanda, crochadh Jozef Tiso sa bhliain [[1947]] agus cruthaíodh an tSeicslóvaic den athuair. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh an tAontas Sóivéadach i bhfeidhm ar an tír agus de réir a chéile rinneadh an tír ina cuid den chónaidhm
Cuireadh deireadh le réimeas na gCumannaithe in [[1989]], le linn na réabhlóide síochanta sin, an Réabhlóid Veilbhit, agus lánscoireadh an tír arís. Rinneadh dhá thír dhifriúla den tSeicshlóvaic: [[Poblacht na Seice]]; agus an tSlóvaic ar an [[1 Eanáir]], [[1993|1993.]] Sa lá atá inniu ann, tá an tír ina ballstát den [[Aontas Eorpach]] ó bhí mí na [[Bealtaine]] [[2004]] ann.
|